Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

23 Mar 2011

Bhí Bunscoil Chnoc Chaitríona, Ard Mhacha ar thús cadhnaíochta arís eile nuair a rinne na páistí ó Chumann Gaeilge na scoile pictiúirí de na bailte fearainn in Ard Mhacha. Cuireadh an tionscadal seo ar taispeáint in Ionad Thrian Phádraig in Ard Mhacha i rith Sheachtain na Gaeilge agus chuaigh sé i gcion go mór ar an slua mór a bhí in Ard Mhacha do cheiliúradh na Féile Pádraig. Shocraigh CAIRDE Teo an tionscadal seo  le béim a leagan ar bhunús Gaeilge ainmneacha na mbailte fearainn in Ard Mhacha. Míníodh ainm na mbailte fearainn leis na páistí sa dóigh go mbeadh siad ábalta pictiúr a tharraingt a chuirfeadh ciall na logainme in iúl. Léirigh na pictiúir samhlaíocht agus bua ealaíne na ndaltaí, agus bhí tionchar dearfach ag na pictiúirí tarraingteacha dathúla ar an saol mór. Ach an rud is iontaí fán tionscadal seo ná go bhfuil paistí Bhunscoil Chnoc Chaitríona ag teagasc Gaeilge don phobal i ngannfhios daofa féin. Fuair na páistí an-chuidiú óna gcuid múinteoirí ag an chumann Gaeilge, ón Oifigeach Forbartha Gaeilge ó CAIRDE Teo, Seán Ó Maoilsté agus ó scoláirí ó Choláiste Chaitríona a thagann isteach chuig an chumann Gaeilge gach seachtain. Bhain na páistí an-sult as an tionscadal seo agus is léir go bhfuil an-dúil acu san ealaín.

Le tamall anuas, tá béim a chur arís eile ar úsáid ainmneacha na mbailte fearainn in Ard Mhacha agus bhí na páistí breá sásta foghlaim faoi logainmneacha a gceantar féin. Leiríonn na logainmneacha go raibh an Ghaeilge in úsáid in Ard Mhacha leis na ciantaibh agus tuigeann na páistí seo go bhfuil an Ghaeilge beo bríomhar go fóill. Is iontach an rud é go bhfuil na páistí seo ag cur spéise sa Ghaeilge arís. Is léir gur thaispeáin an tionscadal seo do na páistí go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach agus go bhfuil feidhm leis an Ghaeilge sa cheantar seo. Gabhann CAIRDE Teo comhghairdeas le Peter Gildea, príomhoide Bhunscoil Chnoc Chaitríona agus le foireann na scoile as an atmaisféar Gaelach atá cruthaithe acu sa scoil. Go raibh míle maith agaibh leis na daltaí ó Choláiste Chaitríona a chuidigh leis an tionscadal seo agus a bhíonn sásta an Ghaeilge a chur chun cinn i gcónaí agus go raibh maith ag an fhoireann ag Trian Phádraig, Ard Mhacha fosta a chuir na saothair ealaíne seo ar taispeáint.

Bhí flóta Gaeilge againn i Mórshúil na Féile Pádraig ar an tseachtain seo caite fosta. Bhí lúcháir ar na páistí a bhí istigh sna dá bhád againn a bhí maisithe le póstaeir agus comharthaí Gaeilge. Scaip muid greamáin, irisí agus bronntanais bheaga eile ar a raibh istigh sa fhlóta agus ar an slua mór a tháinig amach le hamharc ar an mhórshúil. D’éirigh go hiontach leis an fhlóta agus bhí neart Gaeilge le cluinstin fríd an mhórshúil ar fad agus i measc an lucht féachana. Comhghairdeas le Patricia a d’eagraigh an mórshúil a bhí i bhfad Éireann níos mó ná an mórshúil a bhí ann anuaridh. Le cuidiú Dé, tiocfaidh fás ar an mhórshúil bliain i ndiaidh bliana agus tá súil ag CAIRDE Teo go dtig linne cur lena raibh againne i mbliana don bhliain seo chugainn.