Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

07 Mar 2011

Ar an Domhnach, imríodh cluiche speisialta fíorstairiúil peile ar an Eaglais i gcontae Thír Eoghain. Tháinig Gaeilgeoirí ó chontae Ard Mhacha agus ó chontae Thír Eoghain le chéile le cor nua a chur sa choimhlint seanbhunaithe. Bhí an cluiche iontach taitneamhach agus spórtúil agus bhí Tír Eoghain cúpla scór chun tosaigh ag an deireadh ach ag deireadh an lae níl aon amhras ann ach go raibh an lámh in uachtar ag an Ghaeilge. Níor labhraíodh oiread agus focal amháin Béarla i rith an chluiche ná níor labhraíodh Béarla ar bith nuair a bhí na socruithe á ndéanamh ná i ndiaidh an chluiche. Ba mhian le Cairde agus Coiste Cultúir Ard Mhacha buíochas a thabhairt agus comhghairdeas a ghabháil leis na himreoirí uilig ón dá fhoireann. Gabhann muid buíochas leis an chlub CLG ar an Eaglais as an pháirc a chur ar fáil dúinn agus as na sólaistí i ndiaidh an chluiche. Go raibh míle maith ag an réiteoir fosta, Eoghan Mac Dhónaill. Ba mhian linn cluichí eile a shocrú do na cóid eile CLG as seo amach agus más mian leat bheith páirteach, teigh i dteagmháil le Seán Ó Maoilsté ar 028 3751 5229 nó ag sean@cairdeteo.com nó bí linn ar facebook ag cairdeteo.

Sunday proved to be an historic occasion for the Irish language in County Armagh (Ard Mhacha – Height of Macha) and County Tyrone (Tír Eoghain – Land of Eoghan) with Irish speakers from both counties coming together to represent their respective counties. The game was played in Eglish (An Eaglais- The church) and it proved to be a very sporting and high-scoring affair, with the Tyrone side running out eventual winners in a tight contest. The real winner on the day was the Irish language as not a single word of English was used during the game or indeed during the preparations or following the game. The Culture Committee of the Armagh County Board would like to thank and congratulate all the players who took part on both teams and a special thank you to the Eglish club who hosted the game and provided refreshments and to the match referee, Eoghan Mac Dhónaill. The Culture Committee intend organising similar matches for all the GAA sports and if anyone is interested in taking part, contact Seán Ó Maoilsté at sean@cairdeteo.com or join us on facebook at Cairdeteo.