Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

19 May 2011
D’éirigh go hiontach leis an oíche ilchultúrtha a reachtáil CAIRDE Teo in Ard Mhacha ag an deireadh seachtaine. Is iomaí iarracht atá á déanamh sa chathair leis na pobail eagsúla a thabhairt le chéile ach is cinnte go raibh an oíche seo ar cheann de na himeachtaí is sultmhaire acu ar fad. Ní minic a bhíonn deis ag muintir na háite éisteacht le ceol na Liotuáine agus na Polainne ach bhí siad uilig an-sásta an deis sin a fháil oíche Shathairn leis an chór Liotuáinise agus le guth binn an Pholannaigh, Ania Nowacka. Bhí an slua ar bís ag fanacht ar an rapcheoltóir Gaelach Bubba Shakespeare agus ní raibh díomá orthu; bhí achan duine ar na bonnaí ag damhsa leo. Ní fhacthas a leithéid in Ard Mhacha roimhe seo ach is cinnte gur fhág Bubba a lorg sa chathair agus muintir na háite ag caint go fóill ar an oíche. Ní dhéanfar dearmad ar an cheol nuálach seo Gaeilge go deo. Chuir Ciorcal Comhrá Ard Mhacha clabhsúr leis an oíche iontach seo agus thaispeáin siad do chách go raibh an Béarla ina mhionteanga in Ard Mhacha an oíche sin.
CAIRDE Teo’s International Night, held on Saturday night, was a resounding success. Armagh is making great efforts to bring together the various nationalities and traditions within our community and the International Night proved to be one of the most enjoyable of these occasions. The people of Armagh were delighted to get the opportunity to listen to the harmonies from the Lithuanian choir, to watch the traditional dances of Lithuania and to listen to the stunning voice of local Polish musician Ania Nowacka. The crowd in the Northern Bar was buzzing and the Irish language rap and hip hop star Bubba Shakespeare did not disappoint. He had them all on their feet with renditions of Cuir do Lámha Suas amongst others. Armagh had never seen anything like this before, but Bubba has undoubtedly left an impression on the Irish language scene in the city. Those fortunate to be there on the night will remember his style and his impact on the Irish language for a long time to come. We were delighted that our very own musicians from the Ciorcal Comhrá finished off the evening in style with a rousing rendition of some Irish language favourites. The English language was certainly a minority language in the Northern Bar on Saturday night and maybe that’s a sign of things to come. The Irish language revolution continues apace. An Ghaeilge abú!