Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

24 May 2011

Bhí an t-údar Maria Boden in Ard Mhacha ag an deireadh seachtaine lena scéal nua do phaistí a léamh do Ghaeilgeoirí óga. 

Ciara Chainteach atá ar an scéal agus is é is ábhar dó ná cailín deas, gealgháireach atá iontach tugtha don chaint. Bíonn sí ag caint sa bhaile, ag na siopaí, sa ghairdín, agus fiú amháin sa seomra ranga. Ní stopann sí den chaint riamh go dtí go gcasann sí ar chara nua as Meicsiceo. Is maith le Ciara bheith ag éisteacht lena cara nua agus tosaíonn sí ag éisteacht le gach duine eile. Foghlaimíonn Ciara Spáinnis óna cara nua agus is breá léi bheith ag foghlaim focal nua i dteanga nua. Faoi dheireadh an scéil, tá ainm eile ar fad uirthi; seachas Ciara Chainteach, tugann gach duine Ciara Chliste uirthi.

Chomh maith leis an scéal a insint, bhí Maria ábalta cúpla focal Spáinnise a theagasc do na páistí. Bhain siad uilig an-sult as an Spáinnis agus as an scéal. Tá súil ag CAIRDE go leanfaidh Maria léi ag scríobh scéalta nua i nGaeilge le daoine óga a spreagadh le teangacha eile a fhoghlaim. Is féidir cóip den leabhar galánta seo, Ciara Chainteach, a cheannach anois ó CAIRDE Teo inár siopa nua in Ionad Siopadóireachta Chathair Ard Mhacha ar Shráid Thomáis.