Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

04 May 2011

Beidh oíche mhór ceoil agus craice ar siúl in Ard Mhacha ar an Satharn 14 Márta le ceiliúradh a dhéanamh ar an éagsúlacht chultúrtha. Beidh féasta ceoil agus bia ann le ceoltóirí Gaeilge, rinceoirí ón Liotuáin agus amhránaithe Polainnise. Beidh rapcheoltóir iomráiteach na Gaeilge, Bubba Shakespeare, i láthair lena stíl úrnua ceoil Gaeilge a chur os comhair muintir Ard Mhacha. Chomh maith leis sin, beidh ceoltóirí áitiúla ann ón Chiorcal Comhrá lena meascán aoibhinn d’amhráin ar an seanstíl agus ar an stíl úr. Beidh grúpa ceoltóirí ón Liotuáin ag cur meascán bríomhar de popcheol, rac-cheol agus amhráin thraidisiúnta na Liotuáinise agus beidh grúpa rinceoirí ann fosta le damhsa traidisiúnta na Liotuáine a thaispeáint dúinn chomh maith. Beidh grúpa againn fosta a bhíonn ag ceol amhrán traidisiúnta na Polainne. Is féidir bia traidisiúnta na Polainne agus na Liotuáine a bhlaiseadh ar an oíche agus beidh saorchead isteach chuig an oíche ilchultúrtha. Cuirfear fáilte mhór roimh achan duine chuig an imeacht seo in The Northern Bar, Ard Mhacha agus beidh na doirse á n-oscailt ar 20:30. прuглашаem всеx, kvieciu visus, każdy jest mile widziany.

CAIRDE Teo are looking forward to a fantastic celebration of international culture in The Northern Bar, Armagh on Saturday 14 May. The musical extravaganza will feature artists from Ireland, Lithuania and Poland including the renowned Irish language rapper, Bubba Shakespeare and local musicians from Ciorcal Comhrá Ard Mhacha. Traditional Lithuanian dance will also feature on the night alongside contemporary Lithuanian pop and rock music. A Polish folk group will be performing as part of the celebration. There will be a selection of international dishes available to taste and the night will be entirely free of charge. Everyone is welcome to this event to celebrate the best of our diverse cultures. Cuirfear fáilte mhór roimh chách, прuглашаem всеx, kvieciu visus, każdy jest mile widziany.