Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

13 Jun 2011

D’éirigh go hiontach leis an tríú dianchúrsa sa tsraith a bhí ar siúl Dé Sathairn an 11 Meitheamh i bPáirc Lúthchleasaíochta Uí Mhuirin Ard Mhacha.

Is léir go bhfuil borradh faoin Ghaeilge in Ard Mhacha na laethanta seo agus cuireadh leis sin Dé Sathairn nuair a d’fhreastail breis agus caoga duine ar dhianchúrsaí Gaeilge i gCeannáras CLG Ard Mhacha. Tá lúcháir ar CAIRDE Teo go bhfuil an oiread sin éilimh ar an teanga sa chathair agus sa chondae agus is cinnte  go bhfuil an teanga agus an cultúr beo in Ard Mhacha. Tá muid fíorbhuíoch do na múinteoirí a bhí againn ar an lá, Caitríona Ní hAodha, Mícheál Ó Beagáin agus Pádraig Ó Tiarnaigh, agus do Stiofán Mac Cléirigh a chuir an Bia Blasta ar fáil. Beidh an chéad chúrsa eile ar siúl ag deireadh mhí Iúil agus cuirfear tuilleadh eolais ar fáil níos moille.

The latest series of Irish language classes in the Athletic Grounds proved as popular as ever with over 50 people attending the classes for beginner, intermediate and advanced level.  CAIRDE Teo and the Culture Committee of the county board are delighted with the demand for these classes, which prove that many people in our county are determined to learn the native language of Ireland and ensure that the Irish language and culture will survive. We wish to thank the teachers, Catherine Hughes, Michael Beagan and Paddy Tierney and also Stephen McCleary for providing the food. The next course will be at the end of July and further information will be posted later.