Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

06 Jul 2011

Tá CAIRDE Teo, Cairde Uí Néill agus an grúpa siúlóide Siúil atá á eagrú trí Chomhairle Dhún Geanainn agus na Coirre Críochaí, tá siad i ndiaidh pilleadh ó dheireadh seachtaine den scoth a chaith siad i nGaeltacht Thír Chonaill. Ar na himeachtaí a bhí ar siúl mar chuid den deireadh seachtaine, bhí turas ar stiúideo Raidió na Gaeltachta, bhí an cabaret craiceáilte i dTigh Hiúdaí agus bhí siúlóid ghalánta i nDún Lúiche. Bhí Pádraig Ó Braonáin i láthair le turas a thabhairt dúinn thart ar stiúideo na nDoirí Beaga. Is é an clár Rónán Beo a mheallann an líon is mó éisteoirí ar Raidió na Gaeltachta agus bhí lúcháir ar an ghrúpa cuairt a thabhairt ar an stiúideo óna gcraoltar é.  Tá muid thar a bheith buíoch do Phádraig as an turas a éascú go háirithe agus iad ag ullmhú don chlár Cas Ceirnín a bhí le craoladh sa tráthnóna. Luaíodh ar an chlár fosta go raibh scaifte istigh agus is léir gur fhág muid ár rian féin orthu.

Bhí an t-ádh orainn go raibh mórghrúpa cáiliúil na Gaeilge, Na Casaidigh, ar an ardán an oíche sin ag an Cabaret Craiceáilte. Bíonn an Cabaret Craiceáilte ar siúl uair amháin sa mhí i dTigh Hiúdaí ar an Bhun Bheag agus bíonn roinnt grúpaí ann le meascán de cheol traidisiúnta agus nua-aimseartha na Gaeilge.  Chomh maith leis an ghrúpa mórchlú Na Casaidigh, bhí na Busketeers agus glúin eile de na Casaidigh óga le meascán d’amhráin rac agus d’amhráin thraidisiúnta. Is é Rónán Mac Aodha Bhuí atá i mbun an tionscadail seo agus is cinnte go ndeachaigh sé go mór i bhfeidhm ar na cuairteoirí uilig a bhain an-sult as an cheol agus as an chuideachta ghaelach.

Bhí siúlóid dheas thart ar Dhún Lúiche ar an Domhnach faoi stiúir an treoraí Seán Ó Dónaill, le beocht agus beatha a chur ionainn arís. Bhí an scaifte ar fad faoi gheasa ag na tírdhreacha áille agus iad ag siúl tríd an cheantar Gaeltachta seo. Tháinig an triúr oifigeach Gaeilge, Gearóid MacEoin ó Cairde Uí Néill, Ursula Uí Dhonnghaile ó Chomhairle Dhún Geanainn agus Comhairle na Coirre Críochaí agus Seán Ó Maoilsté ó Cairde Teo, tháinig siad le chéile le deis a thabhairt do phobal na Gaeilgeina gceantair aithne a chur ar a chéile. Is cinnte go raibh deireadh seachtaine den scoth ag gach duine a bhí ann agus go bhfuil cairdeas nua cruthaithe idir Gaeilgeoirí i gcontae Ard Mhacha, i gcontae Thír Eoghain, i gcontae Fhear Mánach agus i gcontae Mhuineacháin. Tá súil ag an triúr níos mó comhthionsnaimh a dhéanamh as seo amach nó ní neart go cur le chéile.

CAIRDE Teo, Cairde Uí Néill and the hill-walking group Siúil which is organised through Dungannon and Cookstown Councils have just returned from a great weekend in the Donegal Gaeltacht. The weekend included a tour of the local studio of Irish language radio station Raidió na Gaeltachta, the monthly Irish language showcase concert Cabaret Craiceáilte in one of Ireland’s greatest pubs Tigh Hiúdaí and a spectacular walk in the Dún Lúiche area. Pádraig Ó Braonáin was on hand to give a tour of the radio studio in Doirí Beaga, where the station’s most popular programme Rónán Beo is broadcast from. The groups are extremely grateful to Pádraig for facilitating the tour especially as the longest-running programme on the station Cas Ceirnín was to go out later that evening. The visitors obviously left a mark on the station as we even got a shout-out and request live on air.

The group were fortunate that the popular and famous Irish language group Na Casaidigh were in Bun Beag to headline at the Cabaret Craiceáilte. This event is ran monthly in Tigh Hiúdaí and is a fantastic showcase of what the Irish language has to offer with a mixture of traditional music and modern forms of music, all throught the medium of our own language. Headliners Na Casaidigh were joined by the Busketeers and the next generation of the talented family Na Casaidigh with a combination of rock and traditional songs. Rónán Mac Aodha Bhuí is the tour de force behind this project and there is no doubt that the Cabaret has created a lasting impression on the many visitors who have revelled in this Irish language musical extravaganza.  

Sunday provided the group with a chance to take in the breath-taking scenery of Dún Lúiche, with a walk led by Seán Ó Dónaill injecting a new lease of life into the visitors. The success of the weekend was down to three of the local Irish language officers, Seán Ó Maoilsté from CAIRDE Teo in Armagh, Gearóid Mac Eoin from Cairde Uí Néill in Coalisland and Ursula Uí Dhonnghaile from Dungannon and Cookstown Councils. The idea behind the project was to bring the Irish speakers from each area together to meet people with the same passion for the language and to renew friendship with old acquaintances. The weekend was enjoyed by all and many friendships were created between the Irish language communities in counties Armagh, Tyrone, Fermanagh, Monaghan, Derry and Donegal. The three officers hope to work together on more projects in the future and as the Irish proverb says, ní neart go cur le chéile (unity is strength).