Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

16 Sep 2011

D’éirigh go hiontach leis an ghig a reáchtáil Cairde Teo leis an cheoltóir óg ó Dhoire J.J. Ó Dochartaigh in Ard Mhacha mar chuid de lá Gaelach ar an bhaile ar an 10ú Meán Fómhair. Cheol JJ cuid de na hamhráin choitianta a bhfuil aistriúchán déanta aige orthu ón Bhéarla go Gaeilge bhinn rithimiúil. I measc na gceoltóirí mór le rá a bhfuil a gcuid saothaoir aistrithe ag J.J. tá Damien Rice, Bob Dylan, Bruno Mars, Kings of Leon agus Snow Patrol. Anuas air seo cheol J.J. amhráin nuachumtha dá chuid agus bhí an lucht éisteachta faoi dhraíocht ag an oirfideach óg seo ó thús deireadh.

Bhí scaifte breá i láthair don chéad cheolchoirm seo ag J.J. agus bhain siad an sult go deo as an oíche. Chuir Antaine Ó Donnaile, Ceanasaí na gClár Gaeilge le BBC Thuaisceart Éireann J.J. in aithne don scaifte agus mhínigh sé gur eagraíodh an oíche le hairgead a ardú do Aonach Mhacha, an Chultúrlann nua atá beartaithe do Chathair Ard Mhacha.

Is féidir éisteacht leis an cheolchoirm anseo http://reamonn.podomatic.com/entry/2011-09-11T15_21_46-07_00 é á íoslódáil ó itunes ach cuardach a dhéanamh ar J.J. Ó Dochartaigh.

Cairde Teo recently hosted young Derry musician, J.J. Ó Dochartaigh, who played a fantastic concert in Armagh to bring an end to a very successful Irish language day in the city. JJ played some of the most popular songs that he has translated into Irish, including songs by Damien Rice, Bob Dylan, Bruno Mars, Kings of Leon and Snow Patrol. As well as these songs, JJ also sang some of his own songs, which left the audience in awe at JJ’s own songwriting ability. The audience enjoyed the set immensely and JJ received a standing ovation from everyone in attendance.   

There was a big audience in De Averell House to see the first ever concert by JJ and they certainly weren’t disappointed. Antaine Ó Donnaile, head of Irish language programming on the BBC introduced JJ and also explained the reason the concert was being organised to raise funds for a planned cultural centre in Armagh called Aonach Mhacha.  

You can listen to the concert at the link http://reamonn.podomatic.com/entry/2011-09-11T15_21_46-07_00or you can download it from itunes by searching for J.J. Ó Dochartaigh.