Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

05 Sep 2011

Beidh lá speisialta Gaelach ar siúl in Ard Mhacha ar an Satharn seo, an 10 Meán Fómhair. Cuirfear tús arís eile leis na dianchúrsaí míosúla a raibh an-éileamh orthu roimh sos an tsamhraidh. Is iad CAIRDE Teo atá ag reáchtáil na cúrsaí seo i gcomhar le Coiste Cultúir CLG Ard Mhacha agus bíonn siad ar siúl i bPáirc Lúthchleasaíochta Uí Mhuireagáin agus i gclub sóisialta na bPiarsach Óg in Ard Mhacha féin. Bíonn bunrang, meánrang agus ardrang ar siúl idir 11am agus 4pm agus áirítear ar an costas £10 lón blasta. Tá an Ghaeilge faoi bhláth in Ard Mhacha, le breis agus 400 páistí agus daoine óga ag freastal ar an ghaelscolaíocht sa chathair féin agus le roinnt eagraíochtaí ag socrú imeachtaí agus ranganna le húsáid na Gaeilge a chothú, agus anois le siopa nua in Ard Mhacha a dhíríonn ar earraí Gaeilge amháin. Cult úr an t-ainm atá ar an siopa nua agus tá sé lonnaithe in Ionad Siopadóireachta Chathair Ard Mhacha. Beidh seastán acu ag am lóin sa Pháirc Lúthchleasaíochta le samplaí de na hearraí atá ar díol ann. Tugann na dianchúrsaí seo deis iontach snas a chur ar do chuid Gaeilge nó an teanga a fhoghlaim don chéad uair riamh. Más mian leat áit a chur in áirithe nó más mian leat níos mó eolais a fháil faoi ranganna Gaeilge in Ard Mhacha, déan teagmháil le Seán ar 028 3751 5229 nó ar r-phost chuig sean@cairdeteo.com nó buail isteach chuig an siopa Cult Úr in Ionad Siopadóireachta Chathair Ard Mhacha (Eurospar).

Mar chuid den lá gaelach seo in Ard Mhacha, léifear an t-aifreann i nGaeilge ar 5.30 sa seipéal i Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig. Seo an chéad aifreann Gaeilge i ndiaidh briseadh an tsamhraidh agus beidh sé ar siúl achan Satharn go dtí an 17 Nollaig, agus tabhair faoi deara nach mbeidh an t-aifreann á léamh ar 29 Deireadh Fómhair nó ar 5 Samhain nuair a bheas an scoil druidte do shos lár téarma. Ní amháin go mbíonn sagairt an deoise ag léamh an aifrinn, ach is minic a bhíonn cléir ar cuairt ag an aifreann fosta. Táthar ag súil leis go leifear an t-aifreann i nGaeilge i mbliana in Ardeaglais Naomh Pádraig ar Lá Fhéile Pádraig féin. Tá seirbhís Ghaeilge á léamh ar Lá Fhéile Pádraig in ardeaglais Eaglais na hÉireann in Ard Mhacha le cúpla bliain anuas.

Cuirfear deireadh leis an lá gaelach le ceolchoirm speisialta in De Averell House, áit ina mbeidh an ceoltóir iomráiteach J.J. Ó Dochartaigh ag cur a gcuid amhrán i láthair. Tá clú agus cáil bainte amach ag J.J. as amhráin mhóra béarla na linne seo a aistriú go Gaeilge agus as na físeáin a cuireadh ar YouTube agus ar Nuacht24. Ar na hamhráin atá aistrithe aige, tá Canonball le Damien Rice, I’m yours le Jason Mraz, Open your eyes le Snow Patrol, Just the way you are le Bruno Mars agus The Bucket le Kings of Leon.  Cuirfear tús leis an cheolchoirm seo ar a 9.00 agus is féidir áit a chur in áirithe don cheolchoirm seotrí theagmháil a dhéanamh le Seán ag CAIRDE Teo ar 028 3751 5229 nó ar sean@cairdeteo.com. Tá £5 ar an doras agus rachaidh an t-airgead ar fad chun sochair Aonach Mhacha, ionad nua Gaeilge in Ard Mhacha atá ar na bacáin.

A special music gig will be held in Armagh on Saturday 10 September, when the Irish language singing sensation J.J. Ó Dochartaigh will be playing an intimate concert in De Averell House. J.J. hails from Derry and he started translating some of his favourite songs into Irish when he attended the Gaeltacht College in Machaire Rabhartaigh. His rise to fame began when a series of videos posted on YouTube spread rapidly through Facebook and Twitter. Some of the songs which he has translated into Irish include Canonball by Damien Rice, I’m yours by Jason Mraz, Open your eyes by Snow Patrol, Just the way you are by Bruno Mars and The Bucket by Kings of Leon.  The gig will begin at 9.00 and tickets are available from Seán at CAIRDE Teo and cost £5. This concert is sure to sell-out fast so make sure you book your tickets as early as possible by ringing 028 37515229 or emailing sean@cairdeteo.com.

As well as that, CAIRDE Teo will be organising Irish language intensive courses in conjunction with the Armagh County Board’s Culture Committee on the same day. These courses are held at the Morgan Athletic Grounds and Pearse Óg social club and run between 11am and 4pm, catering for beginners, intermediate level and advanced level classes. The classes cost £10, which includes lunch and they have proved to be very popular in the past. The Irish language is blossoming in Armagh at present, with over 400 children and young people attending Irish medium education in the city and a number of organisations arranging events and classes to promote the use of the language, and even a brand new shop in the Armagh City Shopping Centre selling exclusively Irish language products. These classes offer an ideal opportunity to brush up on the cúpla focal or indeed to experience the language for the first time. If you want to book a place on the course or find out more about learning the language, contact Seán on 028 3751 5229 or by email at sean@cairdeteo.com or call in to the Cult Úr shop upstairs at the City Shopping Centre (Eurospar).