Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

28 Oct 2011

 

Bhí na mílte duine i láthair in Aonach Naomh Seoirse ar an Domhnach an 9 Deireadh Fómhair ag ceann de na laethanta is mó i ndialann chultúrtha agus shóisialta na hÉireann – Lá Mór na Gaeilge. Bhí idir Ghaeilgeoirí agus Béarlóirí i láthair le sult a bhaint as an lámhchleasaíocht, na fir grinn, na rinceoirí traidisiúnta agus nua-aimseartha, na ceoltóirí, na hamhránaithe agus neart eile. Bhí rud éigin le deanamh ag achan duine sa chlann agus ní raibh faoiseamh ar bith ón tsiamsaíocht ar fad. Chomh maith leis an tsiamsaíocht ar an ardán agus ar fud an Aonaigh, bhí réimse breá seastán ceirde agus trádála agus taispeántais ann fosta ag clúdach gach rud idir bia Palaistíneach agus earraí Gaeilge.

Is iad Pobal a reáchtálann an t-imeacht seo gach bliain le haird a dhíriú ar an ghá le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach sa tuaisceart, reachtaíocht a gheall an dá rialtas mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn sa bhliain 2006. I mbliana, bhí an slua is mó go dtí seo i láthair agus bhí neart daoine ó Ard Mhacha ann ar an ardán agus i measc na seastán.

Níl aon amhras ann ach gurb é an seastán a bhí ag CAIRDE Teo an seastán is suntasaí agus is dathúla a bhí i láthair agus tharraing an branda CULT ÚR neart airde agus neart spéise ar an lá. Tá an spéis chéanna á léiriú i measc phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear. D’éirigh go hiontach leis an seastán a bhí ag díol bronntanas, cártaí beannachta, éadaí, seodra, bréagán, leabhar agus dlúthdhioscaí agus ghlac na céadta bileoga faoin siopa ar líne atá ag an eagraíocht ag www.siopacultur.com. Bhí roinnt staisiún raidió ag iarraidh caint leis an eagraíocht agus rinne TG4 agallamh le CAIRDE fosta. Tugadh ardmholadh arís agus arís eile don chomhlacht ó Ard Mhacha ar an reimse nua táirgí nuálacha agus dathúla a bhí ar taispeáint ar an lá.

Gearóid Ó Machail agus Sárán leis an réalt teilifíse Tony Devlin ag Lá Mór na Gaeilge

Bhí an slua iontach tógtha le Cleamairí Ard Mhacha  mar gheall ar an meascán sainiúil d’amhránaíocht, rím agus véarsa traidisiúnta. D’éirigh chomh maith sin le ceann de na caomhnóirí is tábhachtaí cultúir agus traidisiúin as Ard Mhacha gur iarr an fear tí orthu teacht le taifeadadh beo a dhéanamh ar a chlár raidió an tseachtain dar gcionn!

Ar na hionadaithe eile ó Ard Mhacha a bhí i láthair ag an imeacht is mó i saol na Gaeilge ó thuaidh, bhí Gael-Linn agus Píobairí Ard Mhacha agus bhí an-tóir ar na seastáin agus taispeántais a bhí acu beirt fosta. Is cosúil go bhfuil Gaeil Ard Mhacha ar thús cadhnaíochta arís eile agus go bhfuil a rian fágtha ar shaol na Gaeilge.  

 

 

 

Thousands of people passed through St George’s Market in Belfast on Sunday past at what has now become an annual event on the social and cultural calendar in Northern Ireland – ‘An Lá Mór Gaeilge’ (in English ‘The Big Irish Language Day’. Irish speakers and non-Irish speakers alike assembled to admire juggling acts, clowns, modern and traditional dancers, musicians, singers, performance artists and much, much more. There was truly something for all the family and the entertainment was non stop. As well as the on stage and off stage antics, there was also a varied range of trade stalls and exhibitions covering everything from Lebanese/Palestinian falafel wraps to Irish language bibs and baby grows.

Séimí Dubh ón Chatalóin ag caitheamh a T-léine nua Cult Úr

The event, organised by umbrella group ‘Pobal’, is held each year to highlight the growing need for an Irish Language Act, a piece of legislation which was promised by the two governments at St Andrews in 2004. This year, a larger crowd than ever attended and Armagh was certainly well represented both on stage and among the stands.

Undoubtedly the most colourful of all the stands present was that erected by local social enterprise CAIRDE Teo whose trading brand ‘CULT ÚR’ is generating a lot of interest throughout the Irish language community at home and abroad. The stall selling giftware, greeting cards, clothes, jewellery, toys, books and cds did a roaring trade on the day and many people expressed an interest in the organisation’s new online shop www.siopacultur.com. Several radio stations queued up to interview the organisation and praise was heaped on the Armagh company for its range of innovative and colourful products on display.

Armagh Rhymers also garnered many new fans at the event with their unique blend of traditional song, rhyme and verse. Indeed such was the impression made by one of Armagh’s most famous artistic exports that they were instantly called upon by the compere in St George’s market to appear on his live radio show the following week!

The Armagh contingent at the north’s biggest Irish Language event of the year was completed by Gael Linn and The Armagh Pipers Club both of whom had highly popular stands and exhibitions on the day. All in all a highly impressive show of strength by the Gaels of Armagh.