Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

14 Nov 2011

Beidh ceolchoirm den chéad scoth ar siúl in Ard Mhacha ar an Satharn beag seo 19 Samhain, nuair a bheas an t-amhránaí iomráiteach as Béal Feirste Gráinne Holland ag ceol in Amharclann Ard Mhacha mar chuid den Fhéile William Kennedy. Is iad CAIRDE Teo atá taobh thiar den oíche. Tá clú amuigh ar Ghráinne anois as a ghuth binn agus stíl láidir atá i ndiaidh lucht éisteachta ar fud na hÉireann a chur faoi gheasa. Tharraing sí aird uirthi féin as an chruth úr a chuireann sí ar mhóramhráin na Gaeilge in Éirinn, Albain agus Manainn agus thacaigh Gráinne le cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír seo. Thacaigh sí le ceoltóirí mar Frances Black, Damien Dempsey, Peter Corry agus Cór Soiscéalach Londain. Ón uair a chan sí i Mainistir Chluain Ard mar chuid d’Fhéile an Phobail, an fhéile pobail is mó in Éirinn, chuaigh Gráinne ar ardán ag an Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath agus cheoil sí d’iar-uachtarán na tíre, Máire Mhic Giolla Íosa. Lainseáladh a céad albam Teanga na nGael níos luaithe i mbliana agus is iomaí duine a mhol go mór an saothar di. Dúirt Damien Dempsey gur “album of tender beauty and soul sung passion” é agus thagair Neil Martin do ghlór álainn Ghráinne a rá “she pours heart and soul into a rich canon of beautifully produced songs. She breathes fresh life into them, empowers them, owns them.” Bhí Gráinne ar roinnt cláracha raidió ar BBC Raidió Uladh ar an Gerry Anderson show, ar an Colum Sands’ Folkclub agus ar an chlár Gaeilge agus ealaíon Blas, chomh maith le cláir eile ar Downtown Radio agus staisiúin eile. Beidh an fliúiteadóir mór le rá Brendan Mulholland agus an giotáraí cumasach Feilimí O’Connor ar an ardán i gcuideachta Ghráinne ar an Satharn. Chomh maith lena bheith mar thionlacan ag Gráinne, chas Brendan le Brendan Hendry agus Paul McSherry ar an albam Tuned Up agus thaisteal sé le ceolchoirmeacha a dhéanamh le cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr in Éirinn. Tógadh Feilimí i dteaghlach a bhí ar maos leis an cheol traidisiúnta, clann Uí Chonchúir ó Ghleann na bhFiach. Aithnítear a athair Gerry mar dhuine de na fidleirí is cumasaí in Éirinn agus thaisteal a dheartháir an domhain mór ag taispeáint a chuid buanna ceoil féin, ach tá ardmholadh tuillte ag Feilimí féin mar gheall ar a stíl ar an ghiotár.

Ar an oíche chéanna, beidh an grúpa nua ceoil, Síoda ag taispeáint a gcuid buanna ceoil féin. Tig baill an ghrúpa seo ó achan chearn den chúige. Is as Ard Mhacha do Emma Murphy agus do Emma Robinson agus bíonn an bheirt acu ag teagasc i gCumann Píobairí Ard Mhacha. Bíonn siad beirt ag ceol ar an fheadóg stáin agus ar an fheadóg mhór agus canann siad beirt fosta. As Muineachán do Joanna Boyle agus is í príomhamhránaí an ghrúpa í agus casann sí ar an bhainseo agus ar an ghiotár.  As Contae an Chabháin do Aoife Cunningham agus casann sí ar an fhidil, ar an bouzuki agus bíonn sí ag ceol fosta. Bhuaigh sí an teideal iomráiteach ‘Fidléir sóisearach Oirghialla 2011’ ag Féile Oirghiall i mbliana. Is cinnte go bhfuil oíche den scoth i ndán do mhuintir Ard Mhacha le duine de na ceoltóirí is fearr i saol an cheoil Ghaelaigh agus thraidisiúnta. Níl ach £5 ar thicéid agus is féidir iad a fháil ó Amharclann Phlás an Mhargaidh ar  028 3752 1821 nó ag www.marketplacearmagh.com.

A fantastic concert lies in store for the people of Armagh on Saturday 19 November, with the superb Belfast songstress Gráinne Holland playing a special intimate gig as part of the William Kennedy Piping Festival. Gráinne will feature in a special Irish language concert in the Marketplace Theatre, which is being organised by local organisation CAIRDE Teo in association with the William Kennedy Piping Festival. Gráinne has shot to fame in the last couple of years with her powerful voice and sweet melodies enchanting audiences throughout Ireland. Her modern spin on traditional classics sang in Irish, Scottish Gaelic and Manx Gaelic have drew the attention of some of Ireland’s best known singers. Gráinne has provided support for Damien Dempsey, Frances Black, Peter Corry and The London Gospel Choir. Since performing in Clonard Monastery as part of Ireland’s largest community festival, Féile an Phobail, Gráinne has went on to perform in the National Concert Hall in Dublin and she has also performed for our former president, Mary Mc Aleese. Her debut album Teanga na nGael was launched earlier this year to much acclaim from numerous artists such as Damien Dempsey who said the album was an “album of tender beauty and soul sung passion” and Neil Martin said of Gráinne’s voice that “she pours heart and soul into a rich canon of beautifully produced songs. She breathes fresh life into them, empowers them, owns them.” Gráinne has also appeared on numerous radio shows, including BBC Radio Ulster’s Gerry Anderson show, Colum Sands’ Folkclub and the Irish language and arts programme Blas, as well as slots on Downtown Radio amongst others. Gráinne will be joined on stage by renowned flautist Brendan Mulholland and accomplished guitar player Feilimí O’Connor. As well as accompanying Gráinne, Brendan has also teamed up with Brendan Hendry and Paul McSherry on the album Tuned Up and has toured with many of the finest traditional musicians in Ireland. Feilimí has been immersed in the finest traditional music from the day he was born, coming from the famous O’Connor family in Ravensdale. His father Gerry is recognised as one of Ireland’s finest fiddle players and his brother Dónal has travelled the world showcasing his talents, but Feilimí has earned high regard in his own right for his style on guitar.

On the same bill, the recently formed all female band, Síoda will be showcasing their talents. The members of this group hail from all across the province, with Emma Murphy and Emma Robinson from county Armagh, both of whom are teachers in the Armagh Pipers’ Club.  They both play flute and whistles and sing backing vocals. Joanna Boyle from Monaghan is lead vocalist in the group, as well as playing banjo and guitar.  Aoife Cunningham from county Cavan plays fiddle, bouzuki and sings backing vocals. She won the coveted title of junior “Fiddler of Oriel” 2011 at this year’s Féile Oriel. This is sure to be a memorable concert with two of the finest acts on the Irish folk and traditional scene. Tickets cost just £5 and are available from the Marketplace Theatre Box Office  028 3752 1821 or at www.marketplacearmagh.com.