
Cnuasach filíochta le hAntaine Ó Donnaile atá sa leabhar nua Urú Gealaí Goirme. As an Ghráinseach d’Antaine agus is Ceannasaí na Gaeilge leis an BBC é. Is é an tOifigeach Caidrimh Phoiblí le CLG na Gráinsí é agus tá sé ina bhall de Choiste Cultúir Bhord Contae Ard Mhacha. Suíonn Antaine ar Choiste Stiúrtha Aonach Mhacha fosta agus tá sé iontach gníomhach ag cur na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn sa cheantar.
As Ard Mhacha ó dhúchas do Sheán Mac Cionnaith agus beidh a leabhar nua Mar a Déarfá á sheoladh ar an oíche chéanna in Ionad Eamhain Mhacha. Is príomhoide é Seán i mBunscoil Cholmcille, an dara bunscoil a bunaíodh sa tuaisceart, ach is iarscoláire de chuid Scoil na mBráithre Críostaí, An Pháirc Ghlas é. D’imir sé iománaíocht le Cumann Chú Chullain in Ard Mhacha agus d’imir sé leis an fhoireann idirchontae fosta.

“Dual dosan Eamhain Uladh, áitreabh saor na seanchuradh.”
Eoghan Ó Donnghaile (+1690) agus litríocht Uladh
Urú Gealaí Goirme is a poetry anthology written by Antaine Ó Donnaile. Antaine is from the Grange and currently heads the Irish language department in the BBC. He is currently PRO of the St Colmcille’s GAC, Grange and he is a member of the Armagh GAA Culture Committee. Antaine also sits on the Steering Committee of Aonach Mhacha and he is actively involved in the promotion of the Irish language and culture and local history and heritage in the Armagh area.
Seán McKinney is an Armagh native and his latest book Mar a Déarfá will be launched alongside Antaine’s poetry collection. Seán is principal of Bunscoil Cholmcille in Derry, the north’s second Irish medium school, but Seán has strong Armagh roots and he is a former student of the Christian Brothers’ School in Greenpark. Seán was heavily involved in the Cúchullain hurling club in Armagh and he also represented Armagh at intercounty level.
The two books are published by Coiscéim.