Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

03 May 2012

Beidh oíche shiamsaíochta ar nós na Gaeltachta ar siúl in Ard Mhacha Dé Sathairn 12 Bealtaine i dTigh Chú Chulainn ar an bhaile, le seanchaithe, scéalaithe, ceoltóirí, baird agus neart eile ag tabhairt píosa de thraidisiúin Ghaeltacht Dhún na nGall isteach i lár Ard Mhacha.

Ar an oíche, beidh Cleamairí Ard Mhacha a bhfuil clú orthu ar fud an domhain ag pilleadh ar a gceantar dúchais i ndiaidh roinnt turas atá déanta acu ar fhéilte i Meiriceá, in Oirthear na hEorpa agus sna críocha Ceilteacha i gCymru agus in Albain. Beidh neart scéal agus craic ón seanchaí áitiúil Ciarán Ó Maicín arb as Lios Iomána ó thús é. Agus beidh neart ceoltóirí agus amhránaithe eilelena chinntiú go mbeidh oíche go maidin againn den tsiamsaíocht Ghaelach is fear atá ar fáil sa chontae.

Tá an oíche shóisialta seo á heagrú ag CAIRDE Teo i gcomhar le Comhthionól Ard Mhacha Thiar agus le Gael-Linn agus cuirifidh sí clabhsúr le lá treanála do mhúinteoirí agus cinnirí Choláistí Samhraidh Gael-Linn a reáchtáltar in Ard Mhacha gach bliain. Cuirfear tús leis an cheol ag 8.30pm, beidh saorchead isteach agus beidh fáilte roimh Ghaeilgeoirí, roimh fhoghlaimeoirí agus roimh dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Beidh neart eolais ar fáil ar an oíche do thuismitheoirí nó do dhaoine óga atá ag iarraidh fáil amach faoi na coláistí Gaeltachta, faoi scoláireachtaí agus faoi ranganna Gaeilge in Ard Mhacha.

Ar an oíche chéanna, bronnfaidh CAIRDE Teo agus Comhthionól Ard Mhacha Thiar dhá scoláireacht ar bheirt daoine óga as Cathair Ard Mhacha a bheas ag freastal ar choláiste Gaeltachta i nDún na nGall i mbliana.

Armagh will be hosting its very own Gaeltacht-themed night of entertainment on Saturday 12 May in Rafferty’s Cúchullain Bar, with storytellers, musicians, singers, poets and much more bringing a bit of the Donegal Gaeltacht to the heart of Armagh.

The evening will feature the world-renowned Armagh Rhymers who will be returning to their native city following recent tours of festivals in the US, Eastern Europe and the Celtic nations of Wales and Scotland. There will also be storytelling from local seanchaí and Lissumon native Ciarán Ó Maicín. A host  of musicians and singers will ensure an excellent night of Irish entertainment.

The social night is being organised by CAIRDE Teo, the West Armagh Consortium and Gael-Linn and coincides with a Gael-Linn training event for teachers and leaders at the Gaeltacht colleges in Machaire Rabhartaigh and Bun an Inbhir which will take place in Armagh earlier in the day. Music will begin at 8.30pm, admission is free and the evening is open to Irish speakers, learners and non-speakers alike. Plenty of information will be on hand for any parents or young people interested in finding out more about the Gaeltacht colleges, about scholarships or about learning Irish.

CAIRDE Teo and the West Armagh Consortium will also be presenting two scholarship awards on the evening to a pair of young people from Armagh City who will be attending the Gaeltacht colleges in Donegal this summer.