Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

28 Aug 2012

Tá CAIRDE Teo i ndiaidh an tsraith mhóréilimh teilifíse ‘An Samhradh Linn’ a mhealladh go príomhchathair ársa Chúige Uladh. Tháinig criú TG4 a fhad le hArd Mhacha ar na mallaibh le blaisín a fháil ar a bhfuil ar siúl ar fud an chontae do chuairteoirí agus do mhuintir na háite. Díríonn an tsraith ar bhaile difriúil achan seachtain agus léireoidh an clár is deireanaí, a bheas á chraoladh ar TG4 Déardaoin 20 Lúnasa ar 8.30pm, léireoidh sé scoth an cheoil thraidisiúnta, an bia is fearr agus na himeachtaí is fearr do thurasóirí atá ar fáil i gcathair agus i gcontae Ard Mhacha.

Beidh túsáite ar an chlár ag ceoltóirí áitiúla agus taifeadadh ceol le Cleamairí Ard Mhacha agus Aodán Ó Pronntaigh, chomh maith leis an cheoltóir óg consairtín Tiarnán Mac Gabhann ó Phíobairí Ard Mhacha. Bhí Tiarnán á thionlacan ag Pól Ó Miacháin – an giotáraí clúiteach agus ball den ghrúpa traidisiúnta mór le rá Lúnasa. Cluinfear amhrán le buaiteoir Scór Sinsear Uladh Caitríona Ní Gharmaile ó na Madáin a cheolfas leagan binn de The Hills of South Armagh.

Léireofar Contae Ard Mhacha ar an chlár nuair a thabharfaidh teaghlach áitiúil Gaeilgeoirí, Clann Uí Dhuibh, cuairt ar Pháirc an Mhóintigh atá suite i dtuaisceart Ard Mhacha. Buailfidh an láithreoir Síle Ní Bhraonáin isteach ar Choláiste Shliabh gCuilinn i nDromainn Tí – ceann de na múrtha scoileanna samhraidh Gaeilge a bhíonn ar siúl ar fud an chontae. Ar deireadh, stopfaidh an criú i mBaile Mhic an Aba le bia na háite a bhlaiseadh i mBéar agus Bialann Uí Thuathail.

Chuir Seán Ó Maoilsté, Oifigeach Forbartha Gaeilge le CAIRDE Teo, fearadh na fáilte roimh láithreoir an tseó Síle Ní Bhraonáin i gCathair na nArdeaglaisí agus labhair faoin ríméad a bhí air gur bheartaigh lucht déanta an chláir Ard Mhacha a roghnú sa tsraith seo. D’inis Síle do Ghaeil na háite gurbh é Ard Mhacha an clár is fearr go dtí seo agus bhí sí tógtha faoi fháilte a cuireadh roimpi. Chuaigh sé i bhfeidhm uirthi go raibh an oiread Gaeilge a labhairt ar fud an chontae agus bhí lúcháir uirthi foghlaim faoin bhorradh atá ar phobal na Gaeilge sa chathair, a bhuí leis an obair leanúnach atá ar siúl sna Gaelscoileanna. Craolfar an clár ar TG4 Déardaoin 30 Lúnasa ar 8.30pm agus beidh athchraoladh ann Dé Sathairn 1 Meán Fómhair ar 8.40pm. Is féidir amharc air ar líne fosta ag www.tg4.ie.

Local Irish language development organisation, CAIRDE Teo, has played its part in bringing the popular TV series ‘An Samhradh Linn’ to the ancient capital of Ulster. Camera crews from TG4 rolled into town last week hoping to catch a glimpse of what makes Ard Mhacha appeal to visitors and inhabitants alike. The series highlights a different town each week and the latest recording, which is due to be aired on TG4 on Thursday 30 August at 8.30pm, will showcase the very best in traditional music, local cuisine and tourist attractions in Armagh city and county.

Local musical talent recorded in Red Ned’s Bar will feature prominently. Viewers will be treated to a set from the Armagh Rhymers and Aidan Prunty as well as the up and coming concertina player Tiarnán Mac Gabhann from the Armagh Pipers Club. Tiarnán is accompanied on the show by Paul Meehan – accomplished guitarist and former member of renowned traditional group Lúnasa. Also in the lineup is Ulster Scór Sinsear Solo Singing champion Catherine Grimley from Madden who performs a beautiful version of The Hills of South Armagh.

Armagh County is once again represented in the show by a local family of Irish speakers, Clann Uí Dhuibh, who are filmed while visiting the popular Peatland’s Park in north Armagh. Host Síle Ní Bhraonáin will also call in on Coláiste Shliabh gCuilinn in Dromintee – one of the many successful Irish language summer schools which take place throughout the orchard county. Finally, the crew will stop off in Ballymacnab to sample some of the local cuisine on offer in O’Toole’s Bar and Restaurant.

Irish language development officer with CAIRDE Teo, Seán Ó Maoilsté welcomed the show’s presenter Síle Ní Bhraonáin to the Cathedral City and spoke of his delight at the programme makers decision to choose Armagh as a feature location. Síle told local Irish speakers that Armagh was her favourite show location yet and she was delighted at the level of hospitality shown to her by the locals. She was also amazed to hear so much Irish being spoken throughout the county and to learn of the growing Irish language community in the city, due in no small part to the work on-going within our successful Irish medium schools. The programme will be shown on TG4 on Thursday 30 August at 8.30pm and will be repeated on Saturday 1 September at 8.40pm. It will also be available to watch online at www.tg4.ie.