Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

05 Sep 2012

Tá féasta ceoil agus cultúir ar na bacáin do lucht leanúna na n-ealaíon in Ard Mhacha Dé hAoine 21 Meán Fómhair nuair a bheas an réalt ceoil Bernadetter Ní Mhuiris in Amharclann Phlás an Mhargaidh lena buíon ceoil le ceolchoirm saor in aisce a sheinnt mar chuid de cheiliúradh na hOíche Cultúir sa chathair. Beidh an ceolchoirm ar siúl san Amharclann Stiúideo ar a 6 agus cuirfear sólaistí ar fáil don lucht féachana saor in aisce fosta. Tá Bernadette ar dhuine de na printisigh ceoil is mó tóir le blianta beaga anuas, lena meascán d’amhráin i mBéarla agus i nGaeilge.

Tá clú bainte amach aici ó cheoil sí ar an ghnéchlár Imeall Geal ar BBC2, chomh maith le sealanna ar Blas agus Clár Gerry Anderson de chuid BBC Raidió Uladh. Chan sí ag an fhéile pobail is mó in Éirinn ag Féile an Phobail i mBéal Feirste agus cheoil sí ag an fhéile ardiomrá Fiddler’s Green i gCaisleán Ruairí ar na mallaibh. Thaisteal Bernadette go dtí an Fhéile Gaelach i Learpholl Shasana agus chuaigh sí a fhad le Féile Naomh Pádraig i bPortland, Oregon. Tá an Eoghanach i ndiaidh ceolchoirm a dhíoladh amach le linn Fhéile Ealaíon na Ceathrún Ardeaglaise i mBéal Feirste agus tá sí i mbun oibre faoi láthair lena chéad albam a thaifeadadh.

Tá moladh agus meas tuillte ag Bernadette as an cor a chuireann sí ar amhráin thraidisiúnta agus nuaaimseartha na hÉireann agus tá lucht leanúna dílis aici anois ar fud an tuaiscirt. Beidh a ceolchoirm ag Oíche Cultúir Ard Mhacha ar cheann de na buaicphointí sa cheiliúradh seo ar an cheol agus ar na healaíona. Tá an ceolchoirm seo á eagrú ag CAIRDE Teo i gcomhar le Gael-Linn.

Supporters of culture and the arts in Armagh are in for a real treat on Friday 21 September when the rising star that is Bernadette Morris visits the Marketplace Theatre with her band to offer a free concert as part of the Culture Night celebrations in the city. The concert will be held in the Studio Theatre at 6pm and refreshments will also be provided to the audience. Bernadette is one of the most exciting protégés of Irish music to have emerged in recent years, singing in both English and Irish.

She has shot to fame with recent appearances on BBC2’s Irish language lifestyle show Imeall Geal, as well as numerous appearances on BBC Radio Ulster’s Blas and Gerry Anderson shows. She has played at Ireland’s biggest community festival at Féile an Phobail in Belfast and recently performed at the renowned Fiddler’s Green Festival in Rostrevor. Bernadette’s travels have also taken her to the Liverpool Irish Festival and and to the famous St Patrick’s Day Festival in Portland, Oregon. Having recently performed at a sell-out gig during the Cathedral Quarter Arts Festival in Belfast, the Tyrone native is currently recording her debut album.

Bernadette’s take on traditional and contemporary Irish songs has won praise and admiration from various quarters and has earned her a loyal following throughout the north. Her participation in Culture Night in Armagh is sure to be one of the highlights of this celebration of music and the arts. This concert is being organised by local Irish language group CAIRDE Teo in conjunction with Gael-Linn.