Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

08 Jan 2013

Gaeil Ard Mhacha ag lainseáil Bhliain na GaeilgeBliain úr faoi mhaise daoibh uilig. Tá Bliain na Gaeilge á ceiliúradh againn in 2013 agus iarrtar orainn uilig iarracht breise a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid i rith na bliana. B’fhéidir go bhfuil dea-rún na hathbhliana ag roinnt daoine leis an Ghaeilge a fhoghlaim i mbliana nó b’fhéidir gur deis í Bliain na Gaeilge cur lena bhfuil ar eolas agat cheana féin. B’fhéidir go dtiocfadh an aiméar a thapú le clárú don fheachtas Líofa 2015 agus tús a chur le turas na foghlama i mbliana. Bhí grúpa de Ghaeil óga as Coláiste Chaitríona in Ard Mhacha i láthair ag Stormhónaidh ar na mallaibh nuair a lainseáil an tAire Cultúir don tuaisceart Carál Ní Chuilín, nuair a lainseáil sí Bliain na Gaeilge in éineacht le Julian de Spáinn. Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim in 2013 nó feabhas a chur ar a bhfhuil agat cheana féin, guíonn muid gach rath oraibh. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi ranganna agus imeachtaí Gaeilge in Ard Mhacha, déan teagmháil le Seán ar 028 37 515229 nó sean@cairdeteo.com nó buail isteach chuig an siopa Cult Úr atá thuas staighre in ionad siopadóireachta Ard Mhacha. Ná déanaigí dearmad cairdeas a dhéanamh linn ar Facebook agus muid a leanstan ar twitter.

Happy New Year – Bliain úr faoi mhaise daoibh. This year 2013 sees the celebration of Bliain na Gaeilge, Irish Language Year, in which we are all encouraged to make an extra special effort to use our Irish throughout the year. Some people may have made a new year resolution to learn Irish this year or Bliain na Gaeilge could be an opportunity for you to brush up on what you already know. Or perhaps you might like to take the opportunity to sign up to the Líofa initiative and make the commitment to become fluent in Irish by the end of 2015. A group of young Irish speakers from the Irish Medium Unit of St Catherine’s in Armagh recently joined Minister for Culture in the north Carál Ní Chuilín and Conradh na Gaeilge’s Julian de Spáinn to help launch Bliain na Gaeilge at parliament buildings in Stormont. If you are hoping to learn Irish in 2013 or would like to improve, we wish you the very best of luck – Ádh mór oraibh. If you want to find out about Irish classes and events in Armagh, contact Seán on 028 3751 5229 or sean@cairdeteo.com or visit the Irish language shop Cult Úr upstairs in the Eurospar. Don’t forget to befriend us on Facebook Cairde Teo and follow us on twitter @Cairdeteo for up to the date news.

Picture: Michael Cooper