Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

21 Jan 2013

Gaeil Ard Mhacha ag lainseáil Bhliain na GaeilgeTá an eagraíocht Ghaeilge in Ard Mhacha CAIRDE Teo, a thacaíonn le fiontraíocht óige, i ndiaidh deontas £16,092 a fháil ó Ghrúpa Banc na hAlban (RBS) mar chuid de scéim atá acu le fiontraíocht a spreagadh.

Cheap an RBS an deontas Fiontraíocht Óige a Spreagadh le deis a thabhairt do níos mó daoine óga foghlaim faoin fhiontraíocht, le cur lena scileanna, le gnóthaí a thosú agus le go mbeidh siad rathúil sa ghnó. Tá RBS ag cur deontas de £500,000 ar fáil thar thréimhse trí bliana. Bronntar na deontais ar eagraíochtaí a thacaíonn le daoine óga (13-30 bliana d’aois) trí chláir atá dírithe ar an fhiontraíocht. Áirítear ar na gníomhaíochtaí seo oideachas ar an fhiontraíocht, forbairt scileanna, líonrú nó maoiniú ar bhonn neamhbhrábúis.

Chuir níos mó ná 250 eagraíocht iarratas isteach ar an scéim seo agus fógraíodh 18 buaiteoir idir an Bhreatain agus Éire. Ba é meascán de phainéal moltóirí agus vótáil phoiblí a roghnaigh na buaiteoirí. Bhí Cairde Teo ar cheann amháin den dá eagraíocht in Éirinn ar éirigh leo an deontas seo a bhaint agus an t-aon eagraíocht amháin atá ag cuidiú go sonrach le Gaeilgeoirí.

Dúirt Thom Kenrick ón Ghrúpa RBS: “Ba mhian linn níos mó daoine óga le suim a chur san ghiontraíocht. Tá sé mar aidhm againn cuidiú le 100,000 duine óg foghlaim faoin fhiontraíocht, scileanna fiontraíochta a fhorbairt agus gnóthaí a thosú, is cuma cén cúlra atá acu. Tá lúcháir orainn gur éirigh leis na heagraíochtaí le maoiniú a fháil a chuideoidh leo clár a sholáthar a spreagfaidh fiontraíocht óige sa phobal.”

Bainfidh CAIRDE Teo leas as an deontas le tionscadal a cheapadh do Ghaeilgeoirí óga, an tionscadal SEAS. Tríd an tionscadal seo, cuirfear le cumas an phobail in Ard Mhacha ioncam agus fostaíocht a chruthú bunaithe ar a scileanna agus taithí sainiúil féin. Beidh sé mar aidhm ag an tionscadal an eacnamaíocht shóisialta a fheabhsú le hathghinúint eacnamaíoch, phobail agus chultúrtha a chothú.

Cuirfear deiseanna fostaíochta agus oiliúna ar fáil do Ghaeilgeoirí óga. Beidh Cairde ábalta trealamh nua a cheannach le t-léintí, naprúin, prioslóirí nó éadaí do leanaí a dhéanamh le Gaeilge orthu agus trealamh le cártaí agus póstaeir Ghaeilge a phriontáil. Beidh tréimhsí cónaithe ann le go dtig le daoine óga scileanna obair foirne a fhorbairt, cuairteanna staidéir ar ionaid chultúir ar fud na tíre, cúrsa creidiúnaithe ag Ollscoil na Ríona ar an fhiontraíocht chultúrtha agus cúrsa creidiúnaithe ag Ollscoil na Ríona ar na Meáin. Chomh maith leis sin, beifear ábalta tréimhsí socrúcháin oibre agus deiseanna oiliúna ar an láthair a chur ar fáil do 15 Gaeilgeoir óga le cuideachtaí Gaeilge.

untitledDúirt Seán Ó Maoilsté, Oifigeach Forbartha Gaeilge, le CAIRDE Teo: “Tá muid an-sásta an scéal seo a fháil agus Gabhann muid buíochas le RBS agus le gach duine a chaith vóta dúinn roimh an Nollaig. Seo tús iontach le Bliain na Gaeilge in Ard Mhacha agus tá muid féin agus Gaeilgeoirí óga Ard Mhacha iontach tógtha faoina bhfuil i ndán dúinn. Beidh an maoiniú seo iontach tábhachtach dúinn mar phobal agus muid ar tí cultúrlann úr a thógáil sa chathair. Tríd an clár fiontraíochta, beidh muid ábalta scileanna nua a sholáthar do dhaoine óga agus smaointeoireacht na fiontraíochta a chothú i measc an chéad ghlúine eile de ghníomhaithe na Gaeilge. Cinnteoidh an maoiniú seo go mbeidh pobal na Gaeilge níos láidre in Ard Mhacha in 2013, Bliain na Gaeilge.”