Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

28 Feb 2013

8505945685_73a3809872_zBeidh tús aclaí le ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge i mbliana ag Gaeil Ard Mhacha, nuair a thabharfaidh scaifte aghaidh ar shléibhte Cuaille le deireadh seachtaine i gCairlinn. Beidh macalla na Gaeilge le cluinstin ar Shliabh Feá nuair a bheas na cnocadóirí Gaelacha as Ard Mhacha ag déanamh a mbealaí go dtí an mullach. Beidh Gaeil Ard Mhacha ag cur aithne ar Ghaeil Cairlinne agus Ó Méith le linn siúlóide staire ar an Domhnach agus beidh siad ag foghlaim faoi stair agus faoi sheanchas an bhaile, chomh maith le saol na Gaeilge sa cheantar.

Seolfaidh captaen peile sinsear Ard Mhacha Ciarán Mac Íomhair Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil Dé Luain ar a 11am sa Pháirc Lúthchleasaíochta. Tá Ciarán ar tí tosú ar an Ghaeilge a fhoghlaim agus tá an meas aige ar theanga dhúchais na hÉireann. Déanfaidh sé Seachtain na Gaeilge a láinseáil i gcomhar le páistí agus le daoine óga ó na scoileanna áitiúla fá Ard Mhacha. Beidh turas dátheangach thart ar an staid athfhorbartha ina dhiaidh agus beidh deis ag páistí agus daoine óga ceist a chur ar Chiarán fá chúrsaí peile in Ard Mhacha agus faoi na héachtaí atá bainte amach aige féin lena chlub, lena chontae, lena chúige agus lena thír.

DSC01214Beidh na sluaite ag tarraingt ar Ard Mhacha Dé Máirt 5 Márta nuair a bheas Gael-Linn ag reáchtáil Coirm in Amharclann Phlás an Mhargaidh ar an bhaile do pháistí na ngaelscoileanna. Beidh deis ag páistí ó na bunscoileanna eile in Ard Mhacha an Ghaeilge a fhoghlaim ar a 6 a chlog an tráthnóna sin ag na ranganna a bhíonn á dteagasc in Áras Dhroim Airg. Beidh comhrá, ceol agus cuideachta ar fáil ag Gaeil agus ag foghlaimeoirí na Gaeilge níos moille an oíche sin nuair a thiocfas Ciorcal Comhrá Ard Mhacha le chéile i mBeár an Stáisiúin dá seisiún seachtainiúil agus is cinnte go mbeidh comhluadar den scoth ann le linn Sheachtain na Gaeilge.

Ar an Aoine 8 Márta, beidh Méara Ard Mhacha Sharon Ní Eachaidh-Uí Gharmaile ina hóstach d’fháiltiú speisialta do Sheachtain na Gaeilge. Seolfar an físeán Ar Aghaidh Linn le Chéile ag an fháiltiú, gearrscannán a rinne Comhar na nOibritheoirí Cruthaitheacha ar son Aonach Mhacha, a bhuí le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Is iad páistí agus daoine óga Ard Mhacha a labhair ar an fhíseán faoi stádas na Gaeilge sa chathair agus faoin fhorbairt a tháinig ar an teanga.

Léifear aifreann Gaeilge ar an Satharn 9 Márta ar 5.30 sa tseipéal i gColáiste Phádraig. Beidh deis eile ag páistí Ard Mhacha blaiseadh a fháil den Ghaeilge Dé Máirt 12 Márta ag na ranganna Gaeilge a eagraítear i nDroim Airg. Agus beidh seans ag na daoine fásta an Ghaeilge a chleachtadh ag seisiún speisialta de Chiorcal Comhrá Ard Mhacha ar 9.30 ar ais i mBeár an Stáisiúin.

Tá gliondar orainn i mbliana go mbeidh Linda Ervine, Oifigeach Gaeilge le Misean Oirthear Bhéal Feirste, inár láthair le caint spéisiúil a thabhairt ar Phrotastúnaigh agus an Ghaeilge. Is as Bóthar Bhaile Nua na hArda do Linda agus tá sí ag foghlaim Gaeilge le cúpla bliain anuas agus thosaigh sí ag eagrú ranganna, dianchúrsaí agus drámaí i gcroílár an cheantair is dílsí in Oirthear Bhéal Feirste. Beidh Linda ag caint le daltaí ó na scoileanna áitiúla i rith an lae nuair a bheas sí ag tabhairt cuairte ar Scoil Phádraig agus beidh deis ag na daoine fásta éisteach leis an bhean mhisniúil inspioráideach seo nuair a bheas sí ag labhairt an tráthnóna céanna ar a 8 i gColáiste Chaitríona.

20121119-healing-tongue-dscn0827Beidh Féile Cultúir ar siúl ar an Chéide ón Aoine 15 Márta go dtí an Domhnach 17 Márta agus beidh neart imeachtaí Gaeilge agus seastáin eolais faoin Ghaeilge mar chuid den fhéile.

Beidh na Gaeil as Contae Ard Mhacha agus as Contae Lú ag tarraingt ar an chathair Dé Sathairn 16 Márta ar a 7pm nuair a thabharfas na foirne peile ón dá chontae aghaidh ar a chéile sa Pháirc Lúthchleasaíochta.

Beidh roinnt seirbhísí creidimh ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig féin i mbliana. Beidh seirbhís speisialta Gaeilge ar siúl don Chomaoineach Naofa in Ardeaglais Naomh Pádraig d’Eaglais na hÉireann ar a 10am. Léifear aifreann dátheangach in Ardeaglais Naomh Pádraig den Eaglais Chaitliceach ar a 11am.

Chomh maith leis na himeachtaí uilig thuas, beidh na scoileanna uilig in Ard Mhacha ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge lena gclár ama féin le ranganna ealaíne, tráthanna na gceist, ranganna comhrá, céilithe, léachtaí, bronntaí fáinní agus eile ag cinntiú go mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh sa chathair i rith mhí an Mhárta.