Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

11 Apr 2013

logoTá Colmcille i ndiaidh a fhógairt go bhfuil scéim sparánachtaí oscailte do dhaoine atá ag iarraidh freastal ar chúrsaí cónaithe i nGaeilge na hAlban i 2013. Tá an scéim ag díriú ach go háirithe ar chúrsaí ag Rubha an Fhèich in Eilean Leòdhais, agus ag Sabhal Mòr Ostaig. Beidh tús áite ag mic léinn lánaimseartha 3ú leibhéal, ag daoine ar féidir leo a léiriú go bhfuil ceangal acu le hobair na Gaeilge, agus a bhfuil deis agus toil acu nascanna a thógáil le pobal Ghaeilge na hAlban agus ag daoine atá ag cur isteach den chéad uair, nó nach bhfuil níos mó ná dhá chúrsa déanta acu. Is féidir le mic léinn agus le daoine gan tuarastal iarratas a dhéanamh ar dheontas breise ar luach £200 le haghaidh taistil agus bia. Íocfar an deontas seo i ndiaidh láimhe, agus ar bhun admhálacha. Is é 03.05.2013 an spriocdháta le haghaidh iarratais ar sparánachtaí.

Cúrsaí ag Rubha an Fhèich Eilean Leòdhais 2013

12-30 Iúil & 20 – 17 Iúil

www.ravenspoint.co.uk/cursaichean-gaidhlig.html

Cúrsaí ag Sabhal Mòr Ostaig 2013

13 – 20 Iúil 2013 (bunrang)
20 – 27 Iúil 2013 (meánrang/ardrang)

www.smo.uhi.ac.uk/gd/cursaichean/cursaichean-goirid/samhradh-2013/ (leagan Gàidhlig)

www.smo.uhi.ac.uk/en/cursaichean/cursaichean-goirid/samhradh-2013/ (leagan Béarla)