Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

29 Apr 2013

Feargal-New-Book-184mj13-1024x512Beidh an gníomhaí iomráiteach teanga as Iarthar Bhéal Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh, in Amharclann Phlás an Mhargaidh Déardaoin 9 Bealtaine lena leabhar úr ‘Language, Resistance and Revival’ a sheoladh in Ard Mhacha.

Is í an eagraíocht Ghaeilge in Ard Mhacha, CAIRDE Teo a bheas ag éascú an seoladh leabhair agus beidh fáiltiú fíona, soláistí agus ceol ag an seoladh fosta. Bhí na céadta i láthair ag seoladh Bhéal Feirste de leabhar Fheargail i gColáiste Feirste ar na mallaibh agus táthar ag súil le slua mór ag an imeacht in Ard Mhacha. Beidh na doirse ar oscailt ar 7pm agus cuirfear tús leis an seoladh ar 7.30pm. Tá an seoladh in Ard Mhacha mar chuid de shraithimeachtaí ar fud na tíre leis an leabhar a chur chun cinn agus tig sé sna sála ar chamchuairt seolta thart ar Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí Aibreáin.

Insíonn ‘Language, Resistance and Revival’ scéal faoi na forbairtí teangeolaíocha agus oideachais úrnua a tharla i measc cimí Poblachtánacha sa Cheis Fhada idir 1972-2000. Díríonn an leabhar ar theagasc agus ar úsáid na Gaeilge sa Cheis Fhada agus déanann sé anailís ar an tionchar a d’imir sé seo ar athbheochan na Gaeilge agus an chultúir ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Bunaithe ar agallaimh eisiacha, díríonn Feargal MacIonnrachtaigh ar thréimhse chorraitheach i stair na hÉireann trí chuntais phearsanta na bpríomhcharachtair sin a raibh ról tábhachtach acu in Athbheochan Gaeilge na linne seo.

Is é an t-iarchime Poblachtánach Tommy McKearney a bheas mar aoichainteoir leis an leabhar a sheoladh ar an oíche. Cuirfidh an grúpa ceoil agus bailéad ‘Cleamairí Oirialla’ clabhsúr leis an oíche le seisiún in Footlights Bar.  Beidh cóipeanna sínithe de ‘Language, Resistance and Revival’ ar fáil le ceannach ar an oíche agus beidh an leabhar ar fáil ina dhiaidh sin sa siopa Cult Úr atá ar an chéad urlár d’Ionad Siopadóireachta Chathair Ard Mhacha.

 

Prominent Irish language activist from West Belfast, Feargal Mac Ionnractaigh, will be in the Marketplace Theatre, Armagh City on the evening of Thursday 9 May in order to launch and sign his ground breaking new book ‘Language, Resistance and Revival’.

The book launch will be sponsored by local cultural enterprise, CAIRDE Teo who are also organising a wine reception, finger buffet and musical entertainment to accompany the launch. Hundreds of people attended the recent Belfast launch of Feargal’s book in Coláiste Feirste on the Falls Road and a sizeable audience is also expected at the Armagh event. Doors open at 7pm on Thursday evening and proceedings commence at 7.30pm. The Armagh launch is part of a nationwide series of events to promote the new book and follows hot on the heels of a whirlwind launch tour of the US in April.

‘Language, Resistance and Revival’ tells the untold story of the truly ground-breaking linguistic and educational developments that took place among Republican prisoners in Long Kesh prison from 1972-2000. The book focuses on the teaching and use of Irish in Long Kesh and analyses the influence this played on the Gaelic cultural revival across the island of Ireland and indeed the renewed interest in the Irish language and culture throughout the world. Based on unprecedented interviews, Feargal Mac Ionnrachtaigh explores a key period in Irish history through the original and ‘insider’ accounts of key protagonists in the contemporary Irish language revival.

The book will be launched on the evening by guest speaker and former republican prisoner Tommy McKearney. Traditional music and ballad group ‘Cleamairí Oirialla’ will round off the evening with a session in the Footlights Bar.  Signed copies of ‘Language, Resistance and Revival’ will be available to buy on the evening and the book will also be available thereafter from the Cult Úr shop upstairs in Armagh City Shopping Centre.

feargal_launch_armagh2