Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

27 Jun 2013

NUALAREV-PAGE-001_cropGaeilgeBa mhór ag Caibidil na Cathrach Ard Mhacha tú a bheith i láthair ag Seoladh Chnuasach nua filíochta le foilsiú ag Coiscéim, Baile Átha Cliath

Luibheanna  Íce
le Nuala Reilly

i Leabharlann an Léinn Éireannaigh agus Staidéir Logánta
36 Sráid na Mainistreach, Ard Mhacha, BT61 7EB (Fón: 028 3752 7851)

Dé Céadaoin 10 Iúil ar 7.30pm.

Tá an seoladh urraithe ag Cairde Teo., Ard Mhacha, agus ag Coiscéim

 

Eolas ar an údar:

Nuala Reilly an t-ainm cleite atá ar  Fionnuala O’Reilly a rugadh agus a tógadh in Ard Mhacha, ach a bhfuil cónaí uirthi le fada i nDoire Cholm Cille. Tá baint aici le hArd Mhacha go fóill,  mar tá deirfiúr di, Colette Uí Bhriain, ina cónaí ann ar fad.  Tá dánta léi foilsithe ar Comhar, Feasta, Guth 7, An tUltach agus Irish Pages agus foilsíodh a leagan Gaeilge ar dhán Laidine sa leabhar Catullus Gaelach (2010). Bronnadh an chéad duais ar dhán dá chuid ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí sa bhliain 2005. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta, Magus Ballyrath, in 2008 agus seoladh é ag Scoil  Samhraidh John Hewitt in Ard Mhacha.