Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

20 Mar 2014

Glasnevin TripD’fhreastail breis agus ceathracha duine as Ard Mhacha ar thuras thart ar cheann de na hionaid thurasóireachta is suimiúla in Éirinn ar na mallaibh. Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge in Ard Mhacha, d’eagraigh CAIRDE Teo turas bus go hiarsmalann agus reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath, áit ina bhfuil breis agus milliún scéalta curtha sa talamh sin. Tá an iarsmalann ar an chéad iarsmalann reilige riamh ar domhan agus tá roinnt duaiseanna idirnáisiúnta buaite acu as na taispeántais shuimiúla, turais threoraithe, drámaí agus imeachtaí speisialta. Is san áit adhlactha seo atá roinnt mhaith de na fir agus mná a mhúnlaigh stair na hÉireann. Is féidir le cuairteoirí fodhlaim faoi stair agus faoi shaol chuid de na daoine is clúití in Éirinn atá curtha i measc an 1.5 milliún duine atá sa reilig seo. Chomh maith leis na pearsaí is iomráití i stair chorraitheach na hÉireann, tá cuid de na fathaigh liteartha, pearsaí spóirt, ceoltóirí agus aisteoirí is cáiliúla curtha san áit seo.

I dteannta an turais ar an reilig, thug na haíonna as Ard Mhacha cuairt ar na taispeántais bhuana atá san iarsmalann chomh maith leis an taispeántas speisialta céid a rinne comóradh ar bhunú Arm Cathartha na hÉireann agus Óglaigh na hÉireann. Ba é an Gaeilgeoir agus treoraí Paddy Gleeson a ghlac an turas thart ar an iarsmalann agus an reilig agus léirigh sé an paisean agus an díograis atá aige do na scéalta a bhaineann le Glas Naíon.

Jim Larkins GraveAg tosú ag tuama Uí Chonaill, d’fhoghlaim cuairteoirí Ard Mhacha faoi bhunú an náisiúin, ag tabhairt cuairte ar O’Donovan Rossa, Parnell, Mac Easmuinn, Larkin, Markievicz, Sheey-Skeffington, De Valera agus Mícheál Ó Coileáin sular amharc siad ar na uaigheanna na ndaoine sin a throid ar son saoirse na hÉireann tríd an 19ú agus an 20ú céad. Chonaic na cuairteoirí an móruaigh calair, na huaigheanna Maigdiléana agus an créamatóiriam sular thug siad cuairt ar na ballaí arda agus túir faire atá thart ar Ghlas Naíon, a raibh in ainm is a bheidh ag cur bac ar ghadaithe uaighe teacht ar chorpáin úra. D’fhoghlaim said faoi stair na reilgeoirí agus an talamh uafásach a bhí ann. Tá neart daoine eile clúiteacha as Baile Átha Cliath curtha ann, ina measc Breandán Ó Beacháin, James Joyce agus Lúc Ó Ceallaigh.

Ós rud é go raibh muintir Ard Mhacha ar cuairt ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, thug an grúpa cuairt ar uaigh na mbanlaochra mar Anne Devlin, Celia Larkin, Countess Markievicz, Margaret Burke Sheridan, Sinéad De Valera agus Maud Gonne. Is féidir le Glas Naíon turas ar leith  chur ar fáil má iarrtar é le ceiliúradh a dhéanamh ar na réabhlóidí mná agus banlaochra.

D’ith na cuairteoirí lón ag caifé na hiarsmalainne sula ndeachaigh said ar aghaidh chuig an teach tábhairne iomráiteach ‘Gravediggers’ ar imeall na reilige. Níor tháinig mórán athraithe ar an teach tábhairne le 150 bliain agus tá an-dúil ag an réalta scannáin Meiriceánach Brad Pitt ann. Roinn an grúpa roinnt scéalta ón lá thar cúpla deoch agus d’imigh siad arís ar an bhealach ar ais go hArd Mhacha le neart eolais ar stair na hÉireann.

1925344_10201328080433286_2005696999_nA forty strong group from Armagh City embarked on a tour of one of Ireland’s most fascinating tourist attractions last weekend. As part of ‘Seachtain na Gaeilge’ (Irish language week) in Armagh, CAIRDE Teo organised a coach trip to Glasnevin’s award winning museum and cemetery in Dublin where over one million stories are buried in the ground. Glasnevin is the world’s first cemetery museum and has won numerous international awards for its engaging exhibitions, guided tours, re-enactments and special events. This unique Victorian burial place is the final resting place of the men and women who have helped shape Ireland’s past and present. Visitors can explore the history and the lives of some of the most famous personalities in Irish history who rest among the more than 1 ½ million people that are buried within the grounds. As well as the most celebrated historical characters from Ireland’s turbulent past, there are the remains of literary giants, sports personalities, musicians and actors.

In addition to the cemetery tour, the Armagh visitors enjoyed the permanent exhibitions in the museum as well as the centenary exhibitions to commemorate the foundation of the Irish Citizen Army and the Irish Volunteers. Irish language speaker and tour guide Paddy Gleeson conducted  the first tour of the museum and cemetery entirely in the Irish language, as part of Glasnevin’s ‘Seachtain na Gaeilge’ programme. Paddy had an infectious and passionate enthusiasm  for the many stories that are associated with Glasnevin.

10210_10201328074953149_549008454_nBeginning with O’Connell’s tomb, the Armagh visitors journeyed through the story of the birth of the Irish nation, visiting the graves of O’Donovan Rossa, Parnell, Casement, Larkin, Markievicz, Sheey-Skeffington, De Valera and Michael Collins before admiring the many commemorative tributes to people who fought for Irish independence throughout the 19th and 20th centuries. The visitors also witnessed the cholera pit, the Magdalen graves and the crematorium before exploring the high walls and watchtowers surrounding Glasnevin, designed to deter the grave robbers who were keen to get their hands on the fresh corpses. They also learned about the history of the gravediggers and the poor ground they worked with. The remains of other famous Dubliners including Brendan Behan, James Joyce and Luke Kelly also reside within the cemetery and were of particular interest to many of the Armachians.

As the Armagh group’s excursion coincided with International Women’s Day, the group paid particular attention to the graveside stories of heroines such as Anne Devlin, Celia Larkin, Countess Markievicz, Margaret Burke Sheridan, Sinéad De Valera and Maud Gonne among others. A specialised tour is provided at Glasnevin upon request that celebrates the female rebels, romantics and heroines of Glasnevin.

The travelling party enjoyed lunch at the museum café before embarking on the short walk to the world-renowned ‘Gravediggers’ pub at the edge of the cemetery. The Gravediggers pub is a Dublin institution. This famous boozer has hardly changed in its 150-year history, and one of its chief attractions is the old world ‘film set’ decor. Loved by many, including Hollywood star Brad Pitt, for its spit-and-sawdust simplicity, it is a must see attraction in its own right. After sharing many stories and anecdotes from the day over a few refreshments, the group set off on the return journey to Armagh enriched by a unique trip through the trials, celebrations and tribulations of Ireland’s past.