Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

01 Apr 2014

Cairde TeoBronnadh níos mó ná €120,000 ag ócáid bhliantúil Bronnadh Duaiseana Ghlór na nGael i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Chruinnigh 350 ó gach cearn den tír don oíche chéiliúrtha Gaelach agus i measc na n-aíonna bhí Gaeil ó Nua Eabhrac agus Ceanada, mic léinn ó Ollscoileanna thuaidh agus theas, agus ar ndóigh ionadaithe na gcoistí áitiúla.

Craoladh an ócáid beo ar an idirlín don chéad uair, rud a lig do dhaoine ‘freastal’ ar an imeacht óna mbailte féin.

B’é an tAire Gaeltachta Donncha Mag Fhionnhaile a bhronn na nduaiseanna, agus bhí urra ó go leor eagrais i láthair, Foras na Gaeilge ina measc.

Ar na duaiseanna a dháileadh, bronnadh An Chéad Áit sa rannóg ‘Pobal níos mó ná 10,000’  agus Duais Gnó agus Fiontraíochta ar Cairde Teo., Co Ard Mhacha, duais ar luach €5,000 agus €1,500. Ag moladh obair an choiste, dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael:

Seo an chéad bhliain do Choiste Ard Mhacha, atá lonnaithe i gCathair Ard Mhacha, bheith san iomaíocht. Is léir go ndearna siad an-impressiún ar na moltóirí.  Cludaíonn obair an choiste seo gach réimse den phleanáil teangaa agus arís béim faoi leith ar an óige.  Tá an fhiontraíocht le braith go láidir ar chlár oibre an choiste agus iad i mbun siopa, forbairt aipeanna agus pleananna ollmhóra acu le cultúrlanna ilfheidhmeach a oscailt ar an gcathair gan moill.

More than €120,000 was presented in prizes at the annual Glór an Gael awards ceremony on Saturday 29 March in Clontarf in Dublin. 350 Irish language representatives from groups across Ireland, and from as faraway as Canada and New York, along with students from University language societies gathered for the annual event.

For the fisrt time ever the event was broadcast or ‘streamed’ live on the internet allowing overseas visitors to ‘attend’ and take part.

Junior Minister for the Gaeltacht, Dinny Mc Ginley TD awarded the prizes while the main sponsors, including Foras na Gaeilge and Údaras na Gaeltachta were also present.

Speaking at the event, Lorcán Mac Gabhann Leader of Glór na nGael said:

This is the first year that Cairde Armagh has been in contention for a major prize and we are delighted that they have won the 1st Prize for communities over 10,000 peple. The work of this committee covers all aspects of language planning with special emphasis on youth. Innovation and business is central to their work program , with a shop, building Apps and plands to buld a multi purpose cultural centre in the near future.