Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

09 May 2014

10307402_639534906130052_3177058452142365748_nTháinig gníomhaithe Gaeilge le chéile ag suíomh an ionaid úir Ghaeilge agus chultúir sa Seamlas in Ard Mhacha le fáilte a chur roimh an Giro d’Italia inné. Dúirt Aonach Mhacha, an comhlacht ata freagrach as forbairt na cultúrlainne £1.5milliún ag suíomh an tseanstáisiúin dhóiteáin, dúirt go raibh lúcháir orthu gur roghnaigh lucht eagraithe an rása Ard Mhacha le ceann de na himeachtaí spóirt is mó gradaim agus próifíle a óstáil.

Dúirt Clár Ní Pháirc, ionadaí Aonach Mhacha:

“Agus súile an domhain ar Ard Mhacha faoi láthair, tá deis againn ár n-oidhreacht speisialta cultúrtha a thaispeáint don saol mór. Is iad an cultúr, an star agus an oidhreacht na gnéithe uathúla díolacháin atá ag Ard Mhacha i margadh iomaíocht turasóireachta agus ní mór deiseanna tábhachtacha mar an Giro d’Italia a thapú le muid féin a chur chun tosaigh ar ardán idirnáisiúnta”.

Is oibrí óige í Luíseach Nic Threinfhir leis an sochfhiontar Gaeilge CAIRDE Teo agus dúirt sí go raibh meon ilchultúrtha ar siúl sa chathair mar gheall ar an Giro d’Italia:

“Tá ‘Galar an Giro’ ag achan duine in Ard Mhacha. Léiríonn an fháilte mhór a chuir muintir Ard Mhacha roimh an Giro d’Italia an fhláithiúlacht agus an fhéile atá luaite le muintir na hÉireann ar fud an domhain. Creideann CAIRDE Teo go bhfuil todchaí gheal in Ard Mhacha má bhaineann muid leas as an éagsúlacht teanga agus oidhreachta le turasóireacht chultúrtha a mhealladh chun na cathrach. Cuirfidh athfhorbairt sheanshuíomh an stáisiúin dhóiteáin leis an chuid stairiúil seo den chathair agus bhéarfaidh sé deis do thurasóití agus do chuairteoirí ar Ard Mhacha foghlaim faoi theanga agus faoi thraidisiúin na nGael a mhair in Ard Mhacha thar 2,000 bliain.”

10330294_639535652796644_4677361356266899840_nIrish language activists and supporters gathered at the site of the proposed new Irish language and cultural centre in the Shambles in Armagh on the eve of the arrival of the Giro d’Italia. Aonach Mhacha, the company responsible for the development of the £1.5million state of the art facility at the former fire-station, welcomed the fact that the race organisers had chosen Armagh to host one of the world’s most prestigious and high profile sporting events.

Aonach Mhacha representative, Cláir Ní Phairc, stated:

“Having the eyes of the world temporarily fixed on Armagh gives us an opportunity to showcase our unique cultural heritage to the world. Culture, history and heritage are Armagh’s unique selling points in a competitive tourism market. It is vital to seize opportunities such as the Giro d’Italia to promote ourselves on the international stage”.

Luíseach Nic Threinfhir, a youth volunteer with Irish language social enterprise CAIRDE Teo, said that the Giro d’Italia had brought a multi-cultural feel to the city:

“Everyone in Armagh seems to have caught the ‘Giro Bug’. The huge welcome that Armagh people provided for the Giro d’Italia is reflective of the hospitality that Irish people are famous for throughout the world. CAIRDE Teo believes that the city has a bright future ahead if we embrace linguistic and cultural diversity with a view to attracting cultural and heritage tourism. The regeneration of the derelict fire station site will enhance the aesthetic appearance of a historic gateway location to the conservation area of the city centre and will offer tourists and visitors to Armagh the opportunity to sample the Gaelic traditions and language that have survived in Armagh for over 2,000 years.”