13
Aug
2014

Beidh tús arís le ranganna Gaeilge do gach leibhéal Dé Céadaoin 17 Meán Fómhair. Bíonn na ranganna ar siúl sa tSruth Ghaeilge i gColáiste Chaitríona agus bíonn siad iontach sultmhar. Bíonn an-éileamh ar na ranganna i measc daoine fásta agus daoine óga araon. Leis an fhás leanúnach ar an Ghaelscolaíocht in Ard Mhacha, bíonn neart tuismitheoirí ag freastal ar na ranganna, a bhfuil páistí acu ar bhunscoileanna agus ar mheánscoileanna an cheantair. Má tá suim agat an Ghaeilge a fhoghlaim den chéad uair nó má tá tú ag iarraidh cur leis an Ghaeilge atá agat cheana féin, is féidir leat clárú leis na ranganna Gaeilge agus bheith ar dhuine de na céadta cainteoirí agus gníomhaithe Gaeilge in Ard Mhacha. Déan teagmháil le Seán ar sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229 nó buail isteach chuig oifig CAIRDE Teo thuas staighre sa Eurospar.

Irish language classes will be recommencing for all levels on the evening of Wednesday 17 September. The classes are held in the Irish Medium Unit of St Catherine’s College and are very enjoyable and have proven extremely popular with adults and a number of younger people also taking part. With the continuing growth of the Irish language education sector in Armagh, many parents whose children attend local bunscoileanna and meánscoileanna attend the classes. If you have an interest in learning Irish for the first time or improving on the level of Irish that you have, sign up for the classes and join the hundreds of Irish speakers and enthusiasts in Armagh. Contact Seán on sean@cairdeteo.com or 028 3751 5229 or call in to the CAIRDE Teo office upstairs in the Eurospar.