Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

05 Jan 2015

Irish classesCuirfear tús le téarma úr de ranganna Gaeilge do gach leibhéal ag Coláiste Chaitríona in Ard Mhacha Dé Céadaoin 14 Eanáir ar 7pm. Bíonn bunranganna, meánranganna agus ardrang léitheoireachta ar siúl sa tSruth Ghaeilge ag Coláiste Chaitríona ar Bhóthar an Chlochair. Bíonn an-rath ar na ranganna agus dírítear ar Ghaeilge labhartha le cuidiú le foghlaimeoirí líofacht a bhaint amach sa teanga. Mairfidh an téarma go dtí an Chéadaoin 1 Aibreán agus is é an costas a bheas ar an téarma 11 rang ná £30 nó £15 do mhic léinn, do phinsinéirí agus do dhaoine as obair.

Tá Cairde Teo ag tabhairt deise do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim freastal ar dhianchúrsa Gaeilge Dé Sathairn 31ú Eanáir sa Pháirc Lúthchleasa in Ard Mhacha. Beidh bunrang, meánrang agus ardrang ann. Bíonn na dianchúrsaí, a eagraítear I gcomhar le coiste cultúir CLG Ard Mhacha, ar siúl idir 11am agus 4pm agus cuimsíonn an costas £10 an lón. Bíonn na dianchúrsaí ar siúl go ráithiúil agus thug peileadóir sinsear Ard Mhacha Charlie Vernon agus iománaí sinsear Ard Mhacha Simon Doherty, atá beirt tiomanta a gcomhimreoirí a spreagadh lena dteanga dhúchais a fhoghlaim i rith 2015.

Más mian leat cur le do chuid Gaeilge nó más rud é go bhfuil rún na hathbhliana agat teanga nua a fhoghlaim, déan teagmháil le Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com nó buail isteach chuig oifig Cairde Teo, atá lonnaithe sa siopa úr Gaeilge agus ceirdeanna Ceilteachta in Ionad Siopadóireachta Chathair Ard Mhacha. Tacaíonn Cairde Teo leis an fheachtas Líofa 2015 de chuid na Roinne Cultúir Ealaíne agus Fóillíochta le daoine a spreagadh tiomantas pearsanta a thabhairt an Ghaeilge a fhoghlaim agus Gaeilge labhartha a bhaint amach roimh dheireadh na bliana.

irish class poster 2015Irish language classes for all levels of learners recommence in St Catherine’s College in Armagh on Wednesday 14 January at 7pm. The classes cater for beginners, lower and higher intermediate and advanced levels and take place in the Irish medium unit of Coláiste Chaitríona on Convent Road in the city. The classes are extremely popular and focus on spoken Irish to help the learners obtain fluency in the language. This term will finish on Wednesday 1 April and the cost for the 11 classes will be £30 or £15 concessions.

Cairde Teo are also offering an opportunity for those interested in learning Irish to attend one of a number of intensive language courses on Saturday 31 January in the Athletic Grounds in Armagh. There will be a class for beginners, intermediate and advanced levels. The courses, which are organised in conjunction with the Cultural Committee of Armagh GAA, take place from 11am to 4pm and the cost of £10 includes lunch. The intensive courses take place seasonally throughout the year and have received the backing of Armagh senior footballer Charlie Vernon and Armagh senior hurler Simon Doherty, who have pledged to encourage a number of their teammates to learn their native language during 2015.

If you are interested in improving your Irish or you have made a new year’s resolution to learn something new, you can contact Seán on 028 3751 5229 or sean@cairdeteo.com or call in to the Cairde Teo office, which is located within the new Irish language and Celtic crafts shop Seacht in Armagh City Centre Cairde Teo support the Líofa 2015 initiative which was developed by the Department of Culture, Arts and Leisure to encourage people to sign up to a personal pledge to learn Irish and attain conversational fluency in the language by the end of this year.

Dianchúrsa Gaeilge Eanáir 15-page-001