Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

20 Jan 2015

Charlie&SeánTá Cairde Teo i gcomhar le CLG Ard Mhacha ag eagrú dianchúsa Gaeilge dóibh siúd atá ag iarraidh ár dteanga dhúchais a fhoghlaim den chéad uair nó cur lena gcumas sa teanga. Beidh na cúrsaí ar siúl sa Pháirc Lúthchleasa idir 11am agus 4pm Dé Sathairn 31 Eanáir do thosaitheoirí, d’fhoghlaimeoirí meánleibhéil agus d’fhoghlaimeoirí ardleibhéil. Clúdaíonn an costas £10 lón. Bhí dianchúrsaí Gaeilge ar siúl sa Pháirc Lúthchleasa roimhe seo i gcomhar le CLG Ard Mhacha agus bhí ard-éileamh orthu le foghlaimeoirí ó achan chearn den chontae agus den chúige féin. I measc na ndaltaí atá i ndiaidh freastal ar na ranganna, tá roinnt de réaltaí idirchontae Ard Mhacha le cúl báire iománaíochta sinsear Simon Doherty agus peileadóirí sinsear Charlie Vernon agus Oisín Mac Íomhair. Tacaíonn Cairde Teo agus CLG Ard Mhacha leis an fheachtas ‘Líofa’ de chuid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, atá ag iarraidh ar dhaoine tiomantas pearsanta a thabhairt go bhfoghlaimeoidh siad Gaeilge le linn 2015. Mar sin, mura bhfuil dea-rún agat don bhliain, thig leat foghlaim na Gaeilge a leagan mar sprioc duit féin in 2015. Le tuilleadh eolais a fháil nó le háit a chur in áirithe i gceann ar bith de na ranganna, déan teagmháil le Seán ar pro.armagh@gaa.ie nó 028 3751 5229.

Cairde Teo are joining up with Armagh GAA to offer an intensive Irish language course for those wishing to learn our native language or to brush up on their Irish language skills. The courses will be held in the Athletic Grounds from 11am to 4pm on Saturday 31 January for beginners, intermediate and advanced levels. The cost of £10 includes lunch. Similar courses have been held in the past in conjunction with Armagh GAA and they have proven to be extremely popular with learners from throughout Armagh and indeed from across Ulster attending. The classes have also received the backing of a number of our inter-county Armagh stars with senior hurling goalkeeper Simon Doherty  and senior footballers Charlie Vernon and Oisín Mac Íomhair attending the classes to brush up on their Gaeilge. Irish learners in Armagh are also encouraged to sign up to the Department of Culture’s Líofa campaign, which encourages people to take a personal pledge to learn Irish in 2015. If you have not taken on a New Year’s Resolution, why not make learning Irish your aim for 2015. For more information or to book a place in one of the classes, contact Seán on sean@cairdeteo.com or 028 3751 5229.