Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

12 Feb 2015

Postaeir Snag 2015Tá Gaeil Ard Mhacha réidh le ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile bhliantúil Seachtain na Gaeilge, a bheas ar siúl i gcathair na n-ardeaglaisí i rith mhí an Mhárta. Tá eagraíochtaí Gaeilge agus cultúir an cheantair i ndiaidh a theacht le chéile le clár imeachtaí den scoth a chur ar fáil idir an Luan 2 Márta agus an Aoine 20 Márta. Is é an tArdMhéara, an Comhairleoir Caitríona Uí Raifeartaigh, a sheolfas clár Ard Mhacha do Sheachtain na Gaeilge i bParlús an ArdMhéara ag Comhairle Ard Mhacha ar 1pm Dé Luain 2 Márta, mar chuid de phreabchaifé Gaeilge.

Chomh maith leis na ranganna Gaeilge, clubanna óige, grúpaí comhrá agus club aclaíochta, tá CAIRDE Teo ag eagrú roinnt imeachtaí speisialta le ceiliúradh a dhéanamh ar bheocht phobal na Gaeilge. Beidh an grúpa cnocadóireachta Siúil ag eagrú siúlóide speisialta ag Poll na gColm i gContae Fhear Manach le ceiliúradh a dhéanamh ar an mhórfhéile Ghaelach. Tá Poll na gColm lonnaithe i gCnoic na Tulaí Brice cóngarach do Bhotha agus bainfidh na rannpháirtithe taitneamh as an radharca álainn agus as an tírdhreach boireannach aolchloiche agus beidh said ábalta dul isteach sa phluais taobh leis an eas galánta.

Níl amhras ach gurb é buaicphointe Sheachtain na Gaeilge in Ard Mhacha ná ceolchoirm leis an bhanna iliomráiteach traidisiúnta Kíla a bheas in Amharclann Ard Mhacha Déardaoin 12 Márta. Tá Kíla ar cheann be na bannaí is nualaí i saol an cheoil Éireannaigh agus Gaelaigh agus tá ardmholadh náisiúnta agus idirnáisiúnta as a réimse ceoil nualách traidisiúnta. Níl ach £10 ar thicéid agus tá siad ar fáil ó Amharclann Ard Mhacha. Seo an chéad uair ag Kíla bheith in Ard Mhacha agus is cinnte go mbeidh oíche go maidin ann.

Tá CAIRDE Teo ag eagrú turais dhátheangach ar ardeaglais Eaglais na hÉireann ar 4pm Dé hAoine 13 Márta. Seo deis do Ghaeil ó gach sainchreideamh agus ó chreideamh ar bith teacht isteach le breathnú ar cheann de na h-eaglaisí is stairiúla in Éirinn. Eagrófar turas speisialta teaghlaigh Dé Sathairn 14 Márta do pháistí ó Ghaelscoileanna an cheantair agus a gcuid tuismitheoirí. Bhéarfaidh rannpháirtithe cuairt ar Aunt Sandra’s, siopa agus monarcha milseáin i mBéal Feirste, agus rachaidh na páistí ar thuras treoraithe thart ar na h-áiseanna a dhéanann na milseáin agus an tseacláid agus beidh deis acu a gcuid milseán féin a dhéanamh. Tá líon teoranta spásanna ar fáil agus má tá suim agat freastal, ní mór áit a chur in áirithe le Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com a luaithe agus is féidir.

Kíla in Ard MhachaTá toinne eagraíochtaí eile cultúir ag brath ar imeachtaí a shocrú le béim a leagan ar Sheachtain na Gaeilge. Beidh Ciorcal Comhrá Ard Mhacha ag eagrú an chomórtha bliantúil do Shéamus Mór Mac Murchaidh Dé Domhnaigh 15 Márta, ag tosú ag an tábhairne Hole in the Wall ag 12 nóin. Tacóidh CLG Ard Mhacha leis an fhéile Ghaelach le h-aoi speisialta ag dul amach chun páirce i rith na gcluichí sa tSraith Iománaíochta agus Peile a bheas ar siúl sa Pháirc Lúthchleasa Dé Sathairn 7 Márta. Beidh dhá oíche speisialta á n-eagrú ag Comhrá agus Craic le ceol, filíocht agus scéalaíocht i gcaifé Bake My Day in Ionad Siopadóireachta Chathair Ard Mhacha ar 7pm Dé Luain 2 agus Dé Luain 9 Márta. Cuirfear deireadh le ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge Déardaoin 19 agus Dé hAoine 20 Márta nuair a bheas Craobh Uladh den Fhéile Scoildrámaíochta ar siúl in Amharclann Ard Mhacha agus beidh deis ag Gaeil Ard Mhacha súil a chaitheamh ar na h-aisteoirí agus ar na banaisteoirí óga is fearr ó achan chuid den chúige.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Sheachtain na Gaeilge nó le háit a chur in áirithe ar aon cheann de na h-imeachtaí, dean teagmháil le Seán, Oifigeach Forbartha Gaeilge le CAIRDE Teo ag sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229.