Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

09 Feb 2015

Aunt Sandra's candyMar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge in Ard Mhacha, eagrófar turas teaghlaigh do pháistí ó ghaelscoileanna an cheantair agus a gcuid tuismitheoirí Dé Sathairn 14 Márta. Díreach mar a rinne Charlie sa leabhar clúiteach le Roald Dahl, beidh muid ag tabhairt cuairte ar mhonarcha milseáin agus seacláide i mBéal Feirste, mar atá Aunt Sandra’s. Chomh maith le turas thart ar an mhonarcha, cluinfidh na páistí fá stair an mhonarcha agus an tsiopa agus beidh deis acu a milseáin féin a dhearadh agus a bhlaiseadh. Beidh muid ag fágáil Ard Mhacha ar 9.30am agus ar ais ar 4.30pm. Le ticéad óir a chur in áirithe do do chlann féin, déan teagmháil le Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com. Beidh costas £5 ann in aghaidh an pháiste. Ní mór d’áit a chur in áirithe roimh Dé hAoine 27 Feabhra.

As part of Armagh’s jam-packed Seachtain na Gaeilge programme, Cairde Teo will be organising a family trip for children from local gaelscoileanna and their parents on Saturday 14 March. And just as Charlie did in the famous novel by Roald Dahl, we will be visiting a candy and chocolate factory in Belfast, Aunt Sandra’s. As well as a guided tour of the factory, the children will learn about the history of the factory and shop and have a chance to win prizes and they will also have an opportunity to taste some of the candies made on site. A bus will leave Armagh City Hotel at 9.30am and will return at 4.30pm. To book a golden ticket for your family, contact Seán on 028 3751 5229 or sean@cairdeteo.com by Friday 27 February at the latest. The cost is £5 per child and spaces are limited.

Aunt Sandra's