Dianchúrsa i Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil,
Meán Fómhair 2015
(Tá an cúrsa seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge)
• Tá iarratais á nglacadh anois ag MÓINÍN don Dianchúrsa thuasluaite.
• Tá áit do ochtar (8) ar an gcúrsa cuimsitheach seo.
• Is é an scríbhneoir Ré Ó Laighléis a bheidh mar stiúrthóir/theagascóir ar an gcúrsa.
• Is in An Scríobhlann – áras traenála MhÓINÍN i mBaile Uí Bheacháin – a thabharfar an cúrsa.
• Níl aon táille i gceist leis an gcúrsa féin toisc é a bheith maoinithe ag Foras na Gaeilge.
• Is faoi na rannpháirtithe féin a bheidh sé a gcostais taistil agus lóistín (má bhaineann)
a sheasamh.
Cúrsa sé (6) deireadh seachtainí (gach re deireadh seachtaine) atá i gceist, mar atá thíos:
26ú / 27ú Meán Fómhair
3ú / 4ú Deireadh Fómhair
17ú / 18ú Deireadh Fómhair
31ú Deireadh Fómhair / 1ú Samhain
14ú / 15ú Samhain
28ú / 29ú Samhain
• Ní gá ábhar a bheith foilsithe cheana ag na rannpháirtithe.
• Díreofar ar na struchtúir agus na bun-eilimintí riachtanacha a bhaineann le scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil agus ar shaothar críochnúil a bheith curtha i gcrích.
• Roghnófar ochtar (8) as na hiarratais a chuirfear isteach air agus seolfar amach tairiscintí ar áiteanna ansin.
• Toisc an mór-éileamh ar an Dianchúrsa cheana, moltar do iarrthóirí cur isteach luath a dhéanamh.
• Béimnítear gur dianchúrsa cuimsitheach é seo agus go mbeidh spriocanna deimhnitheacha le baint amach le linn an chúrsa.
• Is é an spriocdháta ar iarratais ná Dé Céardaoin, 2ú Meán Fómhair 2015.
Foirm Iarratais agus gach eolas ar fáil ó:
Ailsa Ellis, MÓINÍN, Loch Reasca, Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir.
Fón: 065 707 7256 / e-phost: moininpublishers@gmail.com
Féach tagairtí rannpháirtithe Dhianchúrsaí 2010 – 2014
Aithníonn MÓINÍN tacaíocht Fhoras na Gaeilge