Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

30 Sep 2015

SAOL brochure English-1-page-001Tá CAIRDE Teo ag iarraidh ar dhaoine clárú lena gclár úr d’imeachtaí sóisialta in 2015/16, ag tosú go luath i mí Dheiredh Fómhair. Tá an eagraíocht ag obair le grúpaí pobail agus le cumainn spóirt is cultúir ó 2009 le cláir oideachasúla agus aclaíochta a chur ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Is é an tionscadal is deireanaí acu ná ‘SAOL’ a chuireann lena gclub míosúil siúlóide ‘SIÚIL’. Faigheann an tionscadal seo maoiniú agus tacaíocht ón Chlár Awards for All de chuid an Big Lottery Fund.

Tabharfaidh an tionscadal ‘SAOL’ faoi cheisteanna a bhaineann le gníomhaíocht fisiciúil, le slí mhaireachtála sláintiúil agus le h-idirghníomhaíocht shóisialta i measc daoine fásta agus i measc an phobail. Tá CAIRDE Teo ag tabhairt seans do rannpháirtithe blaiseadh a fháil de sheisiúin oiliúna i réimse imeachtaí taobh amuigh sna seachtainí beaga romhainn. I rith an tionscadail, tabharfaidh rannpháirtithe faoi roinnt imeachtaí taobh amuigh.

Cuirfidh CAIRDE an tionscadal ar fáil i gcomhar le hIonad Spóirt Uisce Craigavon, le Scoil Marcaíochta Old Orchard Stables, le Cumann Oidhreachta Bhadóireachta Loch nEathach agus le hIonad Spórt agus Scíála Craigavon. Beidh bunoiliúint sa tseoltóireacht, sa mharcaíocht, i dtógáil currach, sa scíáil agus sa chadhcáil I gceist leis an tionscadal seo.

Tabharfaidh ‘SAOL’ eispéireas taobh amuigh do rannpháirtithe trí réimse leathan imeachtaí in áiteanna difriúla le daoine a bhfuil saineolas ar na gnéithe éagsúla. Is féidir le daoine tabhairt faoi ag leibhéal a bhfuil said féin compordach leis agus a thugann dúshlán dóibh ag an am céanna. Deis í seo do dhaoine atá ag iarraidh níos mó imeachtaí taobh amuigh a dhéanamh, líonraí nua sóisialta a chruthú agus scileanna nua a fhoghlaim i dtimpilleacht spraíúil.

Le suim a léiriú sa tionscadal nó le níos mó a fháil amach faoin chlár SAOL, déan teagmháil le CAIRDE Teo ar Twitter, ar Facebook nó ar r-phost: eolas@cairdeteo.com .

 

CAIRDE Teo, the innovative cultural enterprise based in Armagh city, is once again on the look-out for people to join them on a new programme of social activities in 2015/16, commencing in early October. The group has been working closely with local community groups, sporting and cultural associations in the locality since 2009 to deliver vocational, educational and recreational programmes to both young people and adults. The latest offering from the group is a project entitled ‘SAOL’ meaning ‘life’ in Irish and it builds on their successful and popular monthly walking club ‘SIÚIL’. The project is primarily funded and supported by the Big Lottery Fund’s Awards For All Programme.

The ‘SAOL’ project will address issues around physical activity, healthy lifestyles and social interaction among adults in the local community. CAIRDE Teo are offering project participants free facilitation, tuition and taster sessions in a range of outdoor pursuits over the coming weeks and months. During the project life cycle, participants will be encouraged to sample and partake of several outdoor disciplines.

CAIRDE’s partners in delivering this project will be Craigavon Water Sports Centre, Old Orchard Stables Riding School, Lough Neagh Boating Heritage Association and Craigavon Sports and Ski Centre. The programme of activities will include beginners’ instruction in sailing, horse riding, currach building, skiing and kayaking.

‘SAOL’ will provide memorable outdoor experiences to participants via a wide array of activities in a variety of locations, and with competent, experienced staff. People will be encouraged to engage at a level at which they are comfortable but slightly challenged. This is a unique opportunity for people who wish to engage in more outdoor activity, create new social networks and learn new skills in a recreational and fun environment.

To express an interest in CAIRDE Teo’s latest project or simply to find out more details about the SAOL active lifestyles programme, contact them via Twitter, Facebook or by email: eolas@cairdeteo.com .