Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

07 Sep 2015

Siúil%20ar%20Shliabh%20Cuilceach-page-001Beidh an grúpa cnocadóireachta dátheangach Siúil ag cur tús lena sceideal úr siulóidí Dé Sathairn 12 Meán Fómhair. Beidh an grúpa ag siúl ar Bhinn Chuilceach, an point is airde i gcontaethe Fhear Manach agus an Chabháin. Tá Bhinn Chuilcheach suite in aice le hUaimheanna na hÁirse Marmair agus táthar i ndiaidh chlárchosán adhmaid a thógáil leis an bhratphortach a chosaint ó chreimeadh agus leis an tsliabh a dhéanamh níos inrochtana ag cnocadóirí.

Tá Bhinn Chuilceach ar cheann de ná háiteanna is tábhachtaí póraithe agus cónaithe do roinnt éan atá faoi chosaint, mar shampla feadóga buí agus géanna bánchosacha na Graonlainne. Tá flúirse de sphagnum, de chaonach agus d’fhraoch ar an talamh fliuch seo, chomh maith le drúchtín a bheireann ar agus a itheann feithéidí. Tá camshaileog agus mórán réaltach le feiceáil ar an fána na scairpe fosta. Bíonn riabhóga móna, fuiseoga agus cromáin na gcearc fán phortach seo, chomh maith le madaidh rua agus giorriacha sléibhe.

Is é an cnocadóir agus sléibhteoir cumasach Éamonn Ó Flanagáin a stiúrfas an tsiúlóid. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ag 11.30am Dé Sathairn 12 Meán Fómhair ag an charrchlós ar Bhóthar Marlbank i Log na Brocaí, Contae Fhear Manach. Tá roinnt siúlóidí déanta ag an ghrúpa i mbliana ar Bheann Mhadagáin, ar Shliabh Feá, ar Shliabh Mártain agus ar Shliabh Dhónairt. Más mian leat páirt a ghlacadh sa tsiúlóid ar Chuilceach Dé Sathairn 12 Meán Fómhair nó le tuilleadh eolais a fháil ar an ghrúpa Siúil. dean teagmháil le Cairde Teo ar sean@cairdeteo.com nó ar 028 3751 5229.

 

21813_839646849452189_2153089662231156743_nArmagh’s bilingual hillwalking group Siúil is set to recommence their monthly walking programme on Saturday 12 September. The group will be visiting the stunning Cuilcagh Mountain, which is the highest peak in counties Fermanagh and Cavan and the 125th highest mountain in Ireland. Cuilcagh Mountain is located near the Marble Arch Caves and Geopark and has recently seen the introduction of a wooden boardwalk to protect the rare blanket bog from erosion and to make the mountain more accessible to walkers.

Cuilcagh Mountain is one of the most important upland breeding sites for the Golden Plover and a prominent feeding and roosting site for the Greenland White-Footed geese, an internationally protected species. Plants such as Sphagnum, mosses, heathers, and Sundew (which catches and digests insects) thirve on the wet blanket bog around Cuilcagh. Rarer plants like the Dwarf Willow and Starry Saxifrage flourish on the steep northern-facing scarp slope and the boulder fields below. Meadow pipits, skylarks and hen harriers occur in this area while golden plover breed in small numbers on the bog. Foxes and Irish hares are frequently seen and in winter snow buntings have been recorded.

The walk will be led by experienced hillwalker and mountaineer Éamonn Ó Flanagáin. The climb on Cuilcagh will commence at 11.30am at the carpark on Marlbank Road in Legnabrocky, County Fermanagh. The group has already completed numerous hillwalks this year in the Belfast mountains, on Slieve Foy, Kilbroney Park and Slieve Donard. If you wish to take part in the Cuilcagh hillwalk on Saturday 12 September or for further information on the walking group, contact Cairde Teo at sean@cairdeteo.com or 028 3751 5229.