Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

01 Oct 2015

Dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, eagras abhcóideachta agus ceannródaithe ar Acht na Gaeilge don tuaisceart, gur deá-scéal atá i dtorthaí dearfacha an chomhairliúcháin rialtasach is déanaí ar reachtaíocht don Ghaeilge sna 6 chondae. Ag caint i ndiaidh chur i láthair de chuid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta os comhair an coiste CEF ag an Tionól inniu (Déardaoin), dúirt Janet, ‘Mhínigh ionadaithe na Roinne, Michael Willis, Aidan McCann agus Patricia McAuley patrún na bhfreagraí a fuarthas. Mar a bhí an cás le linn an dá chomhairliúchán ar an cheist seo i 2006 agus 2007, thug mórluch na bhfreagraí tacaíocht láidir d’Acht na Gaeilge. Dar le hoifigigh na Roinne, bhí 94.7% do na freagraí ar son na reachtaíochta. Is léir áfach go raibh díoma go pointe ar fhreagróirí mar gheall ar an easpa de mholtaí mionsonraithe thar réimse leathan de ceisteanna i bplécháipéis na Roinne. Ar na pointí a tógadh i 60% do na freagraí dearfacha, tugadh le fíos ag an chruinniú inniu gur thagair freagróirí gur cheart pilleadh chuig an eiseamláir reachtaíochta a d’fhoilisigh POBAL sa doiciméad, Acht na Gaeilge TÉ, Eis 2. Tacaíocht suntasach é sin don obair atá déanta againn thar na blianta, le comhairle agus cuidiú ó shaineolaithe aitheanta dlí agus cearta teanga.’

Dúirt Janet, ‘Tá sé sin thar a bheith tábhachtach mar ní amháin go bhfuil na moltaí POBAL saineolach agus cuimsitheach, tá siad comhaontaithe le pobal na Gaeilge. Chomh maith, is ar reachtaíocht ceart-bunaithe atá na moltaí POBAL dírithe. Is mór d’aon Acht réimse leathan de chearta ráthaithe a chruthú do phobal na Gaeilge. Inniu ag an Tionól, bhí an plé dírithe ar cé acu is fearr, ‘scéimeanna teanga’ nó ‘caighdeáin / Standards’ mar atá tugtha isteach anois sa Bhreatain Bheag. Caithfear a aithint gur thacaigh Breatnaiseoirí agus saineolaithe teanga le beart ceart-bunaithe leis an Bhreatnais a chosaint sa Bhreatain Bheag. Níor tugadh isteach ‘Standards’ ach de bhrí nár éirigh leis na Breatnaiseoirí beart teanga níos fearr a bhaint amach. Agus bóthar fada romhainn, gan dabht, caithfidh pobal na Gaeilge a beith cúramach nach ndéantar maolú ar ár gcuid éilimh réadúil, réasanta. Caithfear a bheith airdeallach as seo amach is stop a chur le haon iarrachtaí tochailt faoin bhuncheist, Acht ceart-bunaithe a fhíorú agus réimse leathan de sheirbhísí trí Ghaeilge a fhorbairt don phobal.’

Ag an cruinniú Déardaoin, d’ionsaigh cathaoirleach an choiste Nelson McCausland (DUP), David Hilditch (DUP), Gordon Dunne (DUP) agus Basil McCrea (NI21) torthaí an chomhairliúcháin, agus dúirt nach raibh siad ionadaíoch ar an mhórphobal ar fad, go mbeadh Acht ró-chostasach, agus go gcuirfeadh sé deá-chaidreamh as ríocht. Dúirt Basil McCrea nach raibh sé in éadan na Gaeilge ach nach raibh sé sásta le moladh Achta. Thacaigh ionadaithe ó na páirtithe náisiúnacha le litir a scríobh chuig an Aire lena spreagadh brú ar aghaidh leis an obair ar an Acht. Chuir ionadaithe ó na páirtithe aontachtacha in éadán an mholaidh, agus thit sé.

Dúirt Janet, ‘Thug ionadaithe na Roinne le fíos go raibh próiseas beartaithe ag an Aire ar an cheist seo. Beidh an Roinn ag glacadh le freagra an choiste CEF ar an chomhairliúcháin agus beidh achomaire na bhfreagraí uilig a fuarthas le foilsiú go luath ag an Roinn. Ansin, beidh oifigigh na Roinne ag obair ar adhréachtú na moltaí reachtaíochta, agus rún ag an Aire Bille a chur os comhar an Fheidhmeannais de réir an ghnáth phróiseas reachtúil. Dúradh go nglacann a leithéid timpeall is 16 mhí de ghnáth.’

Rinneadh an pointe go bhfuiltear ag dúil le toghcháin faoi mhí na Bealtaine, agus de réir rialachán an Tionóil, nach féidir le moltaí reachtaíochta a ‘iompair ar aghaidh’. Mar sin, braitheann forbairtí as seo amach ar cá háit a bhfuil an próiseas roimh an toghchán, agus dár ndóigh, ar an chéad Aire Cultúir eile.

Tuilleadh eolais: Janet Muller +44(0)77 13 630325, jmuller@pobal.org