Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

23 Nov 2015

Gaeil óga Ard Mhacha i bPáirc an ChrócaighChuaigh scaifte de 30 Gaeilgeoir óg as Ard Mhacha le Cairde Teo chuig Páirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine don chluiche sna Comhrialacha Idirnáisiúnta idir Éire agus an Astráil. Roimh an chluiche, bhí comóradh speisialta ann ar cheann de na h-imeachtaí is brónaí i stair an CLG agus I stair sport na hÉireann, Domhanach na Fola, nuair a dhúnmharaigh arm Shasana 14 imreoir agus tacadóir ag cluiche dúshláin i bPáirc an Chrócaigh idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árann. I measc na ndaoine a dúnmháraíodh ar an lá sin, bhí Mícheál Ó hÓgáin, captain Thiobraid Árann, agus tá Ardán Uí Ógáin ainmnithe ina dhiaidh mar chomhartha ómóis dó.

Cluiche maith corraitheach a bhí ann, go háirithe sa chéad agus sa dara ceathrú nuair a bhí smacht iomlán ag na hÉireannaigh ar fud na páirce ar na h-imreoirí gairmiúla ón Astráil. Fuair Aodhán Ó Sé dhá chúl agus fuair Conchúr Mac Mánais ó chontae Mhuineachán cúl chomh maith. Bhí ríméad ar an scaifte tacadóirí Ard Mhacha go raibh Éire go maith chun tosaigh ag leathama ag 43 cúilín in eadán 23. Bhí an Astráil i bhfad níos fearr sa tríú agus sa cheathrú ceathrú agus bhí deireadh teann sa chluiche i ndiaidh do na cuairteoirí cúl a fháil le farasbarr trí chúilín a fhágáil idir na foirne. Le gríosadh an tslua de 38,000 tháinig Éire ar ais sa chluiche agus choinnigh siad an liathróid sa deireadh le Corn Chormaic Mhic an Ailín a bhaint ar ais. Tá an Corn ainmnithe i gcuimhne ar an laoch agus Gael uasal ón Bhreantair a cailleadh go tobann agus go tragóideach i mí an Mhárta 2004.

Brodie, Nicole & TiarnaBhí na tacadóirí óga as Ard Mhacha iontach sásta do bhainisteoir na hÉireann, Seosamh Mac Thiarnáin, a bhfuil an príomhdhuais sa sport buaite aige lena chlub Crois Mhic Lionnáin, lena chontae Ard Mhacha, lena chúige Uladh agus anois lena thír. I ndiaidh an chluiche, thug Páirc an Chrócaigh cuireadh don ghrúpa le Cairde Teo bualadh le h-uimhir 3 ar fhoireann na hÉireann agus imreoir lárpáirce Chontae an Chláir, Garaí Ó Braonáin, a bhí i ndiaidh dhá cheapadh iontach a fháil ag deireadh an chluiche lena fhoireann a ghríosú agus a spreagadh dul ar aghaidh agus an bua a fháil. Gaeilgeoir líofa agus múinteoir Gaelscoile é Garaí agus bhí áthas air bualadh leis na Gaeilgeoirí as Ard Mhacha. Chomh maith le Garaí, bhuail na Gaeil óga as Ard Mhacha le Conchúr Mac Mánais as Muineachán agus le Maitiú Ó Donnaile agus Niall Ó Muireagáin as Tír Eoghain a thug buíochas dóibh as teacht le tacú leo agus a chaith am leo le ligint dóibh grianghraif a fháil. Ach buaicphointe na hoíche a bhí ann do roinnt mhaith acu nuair a bhuail siad le imreoir uile-réalt Mhaigh Eo Aodhán Ó Sé, a labhair leo as Gaeilge agus a sheas isteach do ghrianghraif le achan duine acu.

Tuairiscíodh go forleathan gur éirigh leis an chluiche agus le scaifte maith ag freastal ar an chluiche i gceanncheathrú an CLG, is dócha go leanfar leis an tsraith. Bhí na Gaeilgeoirí óga as Ard Mhacha a d’fhreastail ar an chluiche uilig ar aon intinn gur cluiche maith atá ann agus gur chóir é a choinneáil. Ba mhaith le Cairde Teo buíochas a ghabháil leis na daoine óga a tháinig chuig an chluiche agus leis na daoine fásta a chuidigh leis an turas. Tá Cairde Teo an-bhuíoch do na h-imreoirí a bhí iontach flaithiúil ag caitheamh ama leis na daoine óga, do Pháirc an Chrócaigh agus do na maoir uilig, cuid mhór acu arb as Ard Mhacha iad, a chinntigh go raibh turas sábháilte agus compordach againn ag an chluiche.

 

Ultán, Tiarnán & TiernánA group of 30 young Irish speakers from Armagh joined local community development organisation CAIRDE Teo at the weekend to visit Croke Park for the International Rules game between Ireland and Australia. The game was preceded by a poignant commemoration of one of the most infamous events in GAA and Irish sporting history, Bloody Sunday, when 14 GAA players and supporters were murdered in Croke Park at a challenge game between Dublin and Tipperary.

The game itself was an exciting affair, particularly in the first and second quarters, when Ireland showed the professionals how to do it with Aidan O’Shea hitting two goals, as well as a third from Monaghan’s Conor McManus. Much to the delight of the Armagh contingent, Ireland were well and truly in control at half time 43 points to 23points. The third and fourth quarters were dominated by Australia, which led to an exciting final five minutes after the visitors got a goal to leave just three points between the teams. However, with the crowd getting behind them, Ireland rallied again and held on to claim the Cormac McAnallen Cup, named after the great Brantry Gael whose life was tragically cut short in March 2004.

Oisín agus Niall MorganThe young Armagh supporters were delighted for the Ireland team manager, Joe Kernan, who has won the ultimate prize for his club Crossmaglen, his county Armagh, his province Ulster and now his country. Following the game, Croke Park invited the Cairde Teo group to meet Ireland number 3 and Clare midfielder, Gary Brennan, whose two marks in the final five minutes spurred Ireland on to win. Gary is a fluent Irish speaker and a Gaelscoil teacher and was delighted to meet the young people from Ard Mhacha. As well as meeting Gary, the Armagh Gaels also got the opportunity to speak with Monaghan’s Conor McManus and Tyrone’s Mattie Donnelly and Niall Morgan who thanked them for coming down to watch the game and gave freely of their time so that everyone could get a photo. However, the highlight for many, was meeting Mayo All-Star Aidan O’Shea who spoke to the young Irish speakers as Gaeilge and posed for photographs with all.

The game was hailed as a success and with over 38,000 in attendance in GAA headquarters, it looks likely that the series will continue. All of the young Irish speakers from Armagh who made the trip to Croke Park are certainly in agreement that the game is an exciting spectre and should be retained. Cairde Teo would like to thank all of the young people who came along to the game and all of the adults who helped to ensure the trip was a great success. Cairde Teo are also grateful to the players who took the time to meet with the young people, to Croke Park for facilitating the meeting and to the many voluntary stewards, including the many familiar faces from across the county, who ensured the safety and comfort of all at the game.