Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

01 Feb 2016

Ní fada anois go mbeidh Gaeil Ard Mhacha ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge le clár lán-imeachtaí d’achan aoisghrúpa. Cuirfear tús leis an fhéile in Ard Mhacha Dé Luain 29 Feabhra nuair a bheas taispeántas dátheangach Chonradh na Gaeilge ar ról na Gaeilge in Éirí Amach na Cásca 1916 ar an bhaile. Beidh an taispeántas lonnaithe i gclubtheach na bPiarsach Óg ar an Luan agus ar an Mháirt agus eagrófar taispeántas an scannáin Mise Éire ann ar 7pm ar an 1ú Márta. Beidh an taispeántas ansin ag bogadh go CLG Chláirsigh Ard Mhacha Dé Céadaoin 2 Márta agus beidh tráth ceisteanna dátheangach ann dírithe ar stair 1916 ar 7.30pm. Ar an Aoine 4 Márta, beidh turas speisialta dátheangach ar siúl ar 6.30pm i bPríosún Ard Mhacha. Eagrófar Tráth na gCeist Gaeilge CLG Uladh sa Pháirc Lúthchleasa an oíche chéanna ar 8pm.

Seolfar an staisiún nua ar líne Raidió Mhacha ar 4pm Dé Luain 7 Márta i gColáiste Chaitríona. Tá na rannpháirtithe ag obair go crua le tamall beag anuas le cláir a chur i gcrích roimh an seoladh. Ar 6pm an oíche chéanna, seolfaidh CLG Ard Mhacha Seachtain na Gaeilge sa Pháirc Lúthchleasa. Beidh seisiúin speisialta ag na ciorcail chomhrá Comhrá is Craic ag Embers agus ag Ciorcal Comhrá Ard Mhacha i mBeár an Stáisiúin ar an 8 Márta. Tabharfaidh Gearóid Oates léacht i nGaeilge ar shloinntí Ard Mhacha Dé Céadaoin 9 Márta ar 7pm ag Coláiste Chaitríona. Beidh Craobh Uladh den Fhéile Scoildrámaíochta ar siúl in Amharclann Phlás an Mhargaidh Déardaoin 10 agus Dé hAoine 11 Márta agus beidh fáilte mhór roimh phobal na Gaeilge in Ard Mhacha teacht isteach le h-amharc ar na h-aisteoirí óga is fearr sa chúige.

Beidh lá mór ann do Ghaeil Ard Mhacha Dé Sathairn 12 Márta nuair a bheas an rith náisiúnta Rith 2016 sa chathair. Cuirfear tús le seal Ard Mhacha den Rith ar 4pm ag Club Sóisialta na bPiarsach Óg agus rachaidh sé fríd an bhaile mhór le críochnú ag Club Sóisialta Chláirsigh Ard Mhacha. Níos moille an oíche sin, beidh ceiliúradh ilchultúrtha ar siúl do Sheachtain na Gaeilge ag an ghalfchúrsa i gcomhar leis an phobal Bulgárach, Liotuánach agus Polannach in Ard Mhacha. Cuirfear tús le comóradh bliantúil Shéamuis Mhóir Mhic Mhurchaidh ar 12 nóin Dé Domhnaigh 13 Márta sa bheár Pholl sa Bhalla. Beidh ceiliúradh speisialta ag CLG Ard Mhacha ar Sheachtain na Gaeilge ag na cluichí sraithe a bheas sa Pháirc Lúthchleasa an lá sin. Imreoidh iománaithe Ard Mhacha in eadán na Mí ar 12.45pm agus imreoidh na peileadóirí in eadán na Gaillimhe ar 2.30pm.

Beidh Feis Ard Mhacha ar siúl in Amharclann Phlás an Mhargaidh ar an Luan 14 Márta agus ar an Mháirt 15 Márta. Beidh seoladh oifigiúil de thús na n-oibreacha ar an chultúrlann nua Aonach Mhacha ar siúl ar 1.30pm in Amharclann Phlás an Mhargaidh. Ar Lá Fhéile Pádraig féin, beidh aifreann dátheangach ann san ardeaglais ar 9am agu beidh seirbhís dhátheangach in Eaglais na hÉireann. Ar mheánlae, beidh Cairde Teo ag tabhairt amach a gcurrach féin, atá á thógáil le cúpla mí, le dul síos an Abhainn Mhór. Ar an Satharn 19 Márta, beidh an grúpa cnocadóireachta ag taisteal go Sliabh Mis ar 10.30am le céimeanna Naomh Pádraig a leanstan. Cuirfear clabhsúr le ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge ar 8pm Dé Sathairn 19 Márta le mór-cheolchoirm na féile nuair a bheas Moya Brennan i mbun ceoil ag Amharclann Phlás an Mhargaidh.

Le tuilleadh eolais a fháil ar imeachtaí Ard Mhacha le linn Sheachtain na Gaeilge, is féidir teagmháil a dhéanamh le Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com.