
Tá CAIRDE Teo ag ceiliúradh arís agus duais náisiúnta eile bainte as cur chun cinn na Gaeilge in Ard Mhacha. Aithníodh an grúpa pobail ag searmanas bronnta Ghlór na nGael a bhí ar siúl i gCaisleán Dhún Buíne as ár gcur chuige nuálách i leith oibre forbartha pobail. Ba iad pearsanaí TG4 Páidí Ó Lionáird agus Éimear Ní Chonaola a chuir an imeacht i láthair agus d’fhreastail grúpaí Gaeilge ó gach cearn den tír chomh maith le grúpaí a bhíonn ag cur na teanga chun tosaigh ar fud an domhain. Fuair Cairde Teo bonn óir agus duais de €4,000 as an Ghaeilge a chur chun cinn i mbaile mór le daonra thar 10,000.
Ghlac Oifigeach Gaeilge Cairde Teo, Seán Ó Maoilsté, ghlac sé leis an duais ón aoichainteoir Seán Ó Fearghaíl, ceann comhairle sa rialtas deireanach ag Dáil Éireann. Bhí ionadaíocht mhaith ag Ard Mhacha ag an searmanas agus bronnadh duais ar Emma Ní Mhaoilsté agus ar Aoibhinn Nic Géidigh ar son An Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona, agus bronnadh duais fota ar Chaoimhe Ní Loingsigh ar son An Cumann Gaelach ag Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire. I measc na mbuaiteoirí eile ar an oíche, bhí Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire a bhain an phríomhdhuais de €20,000 as an grúpa is fearr sa tír, Comhlucht Forbartha na nDéise i bPort Láirge a bhain i rannóg na nGaeltachtaí agus Glór Charn Tóchair a bhain sa rannóg do dhaonra faoi 10,000.
Tá Gaeil Ard Mhacha ag súil le comórtas na bliana seo chugainn, mar a mhínigh Oifigeach Óige Cairde Teo, Caoimhe Ní Loingsigh: “Aitheantas tábhachtach atá sa duais seo ar an obair chrua atá á déanamh ag CAIRDE Teo agus ag grúpaí eile in Ard Mhacha leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair. Fuair muid €4,000 a úsáidfear le tionscnaimh teanga agus cultúir a fhorbairt in Ard Mhacha le linn 2016. Ócáid iontach a bhí i searmanas bronnta Ghlór na nGael le bualadh leis na daoine is tábhachtaí san earnáil ó achan chuid den tír. Tá grúpa bríomhmhar gníomhaithe teanga ag CAIRDE ó achan aoisghrúpa agus ó achan chúlra agus beidh muid ag cur lenár n-iarrachtaí sa bhliain seo romhainn le teacht ar ais chuig Caisléan Dhún Buíne agus bheith san iomaíocht don duais mhór.”