
Tá grúpa Gael óg as Ard Mhacha i ndiaidh pilleadh ó chuairt thaitneamhach agus oideachasúil ar a gcolcheathracha Ceilteacha i nGaeltacht na hAlban. Tá an grúpa páirteach i scéim raidió atá á reáchtáil ag CAIRDE Teo agus chuaigh siad chuid an Oileán Sgítheanach le clár raidió dátheangach a dhéanamh i nGaeilge agus i Gàidhlig na hAlban le daoine óga ar an oileán agus le nasc a fhorbairt leis an stáisiún áitiúl raidió Cuilinn FM. Tá an dream as Ard Mhacha i ndiaidh roinnt míonna a chaitheamh ag foghlaim scileanna léiriúcháin raidió agus agallóireachta agus tá cláir déanta acu le craoladh ar stáisiún nua ar líne Ard Mhacha, Raidió Mhacha. Bhí Edel Ní Churraoin as an staisiún Gaeilge i mBéal Feirste Raidió Fáilte agus Seán Ó Maoilsté, Oifigeach Forbartha Gaeilge le CAIRDE Teo leis an ghrúpa.
Chomh maith le cuairt a thabhairt ar an staisiún raidió, bhuail an grúpa le roinnt eagraíochtaí Gàidhlig i bPort Rìgh, an baile is mó ar an oileán, agus chuir siad agallamh ar roinnt cainteoirí Gàidhlig faoi thábhacht na teanga do shaol an oileáin agus faoin dóchas atá acu do thodhchaí na teanga. D’fhoghlaim na daoine óga faoin ról atá ag eagraíochtaí mar Feisean nan Gàidheal leis an teanga a chur chun cinn i measc páistí agus daoine óga agus labhair siad faoi dheiseanna a dtiocfadh le pobail na Gaeilge in Éirinn agus in Albain foghlaim óna chéile. Taobh leis an teanga, d’fhoghlaim na Gaeil as Ard Mhacha faoi na cosúlachtaí idir an dá phobal, ar shampla ceol na hÉireann agus na hAlban, rince Gaelach agus Gàidhealtachd agus iománaíocht agus camanachd.
Thug an grúpa as CAIRDE Teo cuairt gasta ar Inbhir Nis, príomhbhaile na Gàidhealtachd, agus chuaigh siad ar thuras treoraithe ar an chathair álainn agus bhuail siad le daoine a raibh spéis acu sa Ghàidhlig. Tá coláiste Gàidhlig sa chathair agus bhí roinnt mhaith de na cainteoirí óga gnóthach ag ullmhú d’fhéile drámaíochta Gàidhlig, cosúil leis an Fhéile Scoildrámaíochta a bhí ar siúl in Amharclann Ard Mhacha le linn Sheachtain na Gaeilge. D’fhoghlaim na Gaeilgeoirí as Ard Mhacha roinnt frásaí i nGàidhlig na hAlban le cuidiú leo an fhoghraíocht dhifriúil agus na focail éagsúla a aithint. Tá na daoine óga ag iarraidh tógáil ar rath an turais trí shraith dhátheangacha cláracha a fhorbairt ag díriú ar cheol agus ar thraidisiúin na hAlban agus na hÉireann.
Ag labhairt dó ar theacht ar ais ón turas, dúirt Máirtín Mac an Bheatha, scoláire Bliain 9 i gColáiste Phádraig agus iardhalta ag Bunscoil na mBráithre Críostaí, “Bhain muid an-sult as an turas agus d’fhoghlaim muid cuid mhór faoi na cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig. D’fhoghlaim muid fosta go n-imríonn muintir an oileáin leagan eile den iomáint agus tá an ceol traidisiúnta ansin iontach cóngarach don cheol anseo.” Tá Luíseach Ní Thréinfhir i mBliain 13 ag Sruth na Gaeilge i gColáiste Chaitríona, “Bhuail muid le cúpla duine óg i bPort Rìgh a raibh Gàidhlig acu agus labhair muid faoin dá theanga, faoin chultúr agus faoi dheiseanna fostaíochta. Thug muid cuairt fosta ar an staisiún áitiúl raidió agus labhair muid faoi dhóigheanna a dtiocfadh le Cuilinn FM daoine óga a mhealladh le níos mó clár a dhéanamh i nGàidhlig.” Scoláire Bliain 13 i Scoil na Mainistreach é Tiarnán Mac Gabhann, atá ina bhall de Phíobairí Ard Mhacha agus bhain sé féin an-sult as an turas fosta, “Bhí sé go hiontach bualadh le cainteoirí óga Gàidhlig ar an Oileán Sgítheanach agus in Inbhir Nis. Tá ceangal ag Píobairí Ard Mhacha le Gàidhealtachd na hAlban le fada an lá agus tharla roinnt mhaith malartán thar na blianta. Imrím iomáint le Lámh Dhearg ar an Chéide fosta agus bhí mé iontach sásta nuair a chuala mé faoin chamanachd agus go háirithe faoin chlúdach a thugann Cuilinn FM don spórt.”
Ba é an fiontar sóisialta Gaeilge CAIRDE Teo a reáchtáil an turas go hAlban mar chuid dá gclár forbartha scileanna do Ghaeilgeoirí óga. Tá CAIRDE Teo fíorbhuíoch do Cholmcille, comhpháirtíocht idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig a chuireann an Ghaeilge agus an Ghàidhlig chun cinn in Éirinn agus in Albain agus idir an dá thír, a thug páirtmhaoiniú don tionscadal agus tá siad buíoch fosta do Raidió Fáilte agus do Radio Reason as an chuidiú uilig a thug siadsan le cláir Raidió Mhacha le bliain anuas.