Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

29 Apr 2016

Tá Cairde Teo ag eagrú picnic speisialta teaghlaigh ag príomhbhaile ársa na nGael i gCúige Uladh, Eamhain Mhacha, Dé Sathairn 14 Bealtaine. Tá an picnic á eagrú do pháistí ó Ghaelscoileanna an cheantair agus dá dteaghlaigh leis na páistí a spreagadh an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den tseomra ranga agus le deis a thabhairt do thuismitheoirí teacht le chéile agus smaointí agus nodanna a roinnt maidir le páistí a thógáil i dtimpilleacht dhátheangach.

Iarrtar ar theaghlaigh picnic a thabhairt leo agus páirt a ghlacadh sa spraoi ag Ionad Eamhain Mhacha. Chomh maith le cluichí traidisiúnta agus toraíocht taisce dúlra, beidh páistí ábalta leas a bhaint as an aip dátheangach idirghníomhach, Dúshlán Chú Chulainn, a rinne Cairde Teo i gcomar le Macha Media, tá dhá bhliain ó shin. Is féidir an aip a íoslódáil saor in asice ar iPhone, iPad agus ar ghutháin ghlice. Tríd an aip seo, is féidir le páistí foghlaim faoi na scéalta a bhaineann le hEamhain Mhacha agus iad ag súgradh roinnt dúshlán spraíúil agus idirghníomhach ar Eamhain Mhacha féin. Tiocfaidh na teaghlaigh uilig le chéile ag an láthair picnic taobh leis an chaifé ag Ionad Eamhain Mhacha ar 12.30pm ar 14 Bealtaine.

Más tuismitheoir thú a bhfuil páiste agat ar Ghaelscoil áitiúil agus más mian leat freastal ar an phicnic, is féidir dul i dteagmháil le Seán sa siopa Gaeilge, Cult Úr, atá lonnaite in ionad siopadóireachta an Eurospar nó is féidir rphost a chur chuig sean@cairdeteo.com nó scairt a chur ar 028 3751 5229. Eagraíonn Cairde Teo imeachtaí éagsúla teaghlaigh i rith na bliana le tacú le páistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna. Más mian leat níos mó eolais a fháil ar thógáil clainne trí Ghaeilge nó faoi ranganna Gaeilge, buail isteach chuig oifig Cairde Teo le comhairle agus le h-eolas a fháil ar na buntáistí uilig a bhaineann le scolaíocht agus le tógáil dhátheangach.