Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

03 May 2016

Eolas á sholáthar ag Conradh na Gaeilge don phobal maidir le seasamh na n-iarrthóirí toghcháin ó thuaidh ar chúrsaí Gaeilge trí #GaelVóta –

Am ag Iarrthóirí & Páirtithe Tacú Leo go Fóill

Tá gach páirtí polaitíochta agus iarrthóir toghcháin ó thuaidh a thug tacaíocht oifigiúil do trí mhóréileamh phobal na Gaeilge go dtí seo foilsithe ar shuíomh Chonradh na Gaeilge ar www.cnag.ie/gaelvota mar chuid den fheachtas #GaelVóta, ach tá am go fóill ag iarrthóirí agus ag páirtithe a dtacaíocht a thabhairt do na héilimh roimh an toghchán ó thuaidh Déardaoin 5 Bealtaine 2016. Is iad Sinn Féin, SDLP, Pobal Roimh Bhrabús agus ‘Cross-Community Labour Alternative’ na páirtithe a thacaigh go hoifigiúil leis na héilimh mar pháirtithe ina n-iomláine.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Conradh na Gaeilge:
“Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla – iad siúd atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, iad siúd atá ag foghlaim na teanga, nó go deimhin iad siúd a bhfuil bá de chineál ar bith acu don teanga – chun na héilimh seo a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh sna toghcheantair s’acu. Caithimis vóta ar son na Gaeilge. ”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge:
“Tá gach iarrthóir aonair a thacaíonn go hoifigiúil leis na héilimh luaite leis an bhfeachtas #GaelVóta freisin, agus is féidir le páirtí nó le hiarrthóir ar bith teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge ag cearta@cnag.ie más mian leo tacú leis na héilimh, agus déanfar na hathruithe cuí ar www.cnag.ie/gaelvota.”

Trí mhóréileamh phobal na Gaeilge atá mar bhunús an fheachtais #GaelVóta, éilimh a eascraíonn as plean ionadaíochta agus bearta ionadaíochta arna aontú ag breis ‘s 80 grúpa pobail Gaeilge agus Gaeltachta:

  1. Go ndéanfaí infheistíocht £2.16 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le postanna nua a chruthú
  2. Go gceapfaí Aire Pobail a bheadh báúil don Ghaeilge agus a bheadh ábalta mianta phobal na Gaeilge a chur chun tosaigh
  3. Go gceapfaí Aire Oideachais a thacódh leis an Ghaeilge sa chóras oideachais agus a chinnteodh forbairt leanúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta

D’oibrigh Conradh na Gaeilge i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla ar fud na tíre chun fóraim ghnímh áitiúla a reáchtáil ar fud na sé chontae ó thuaidh go dtí seo mar chuid den fheachtas #GaelVóta, agus rinneadh teagmháil le gach iarrthóir maidir le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar a laghad faoi dhó de réir na sonraí teagmhála a cuireadh ar fáil go poiblí. Tá freagraí na n-iarrthóirí agus na bpáirtithe ar www.cnag.ie/gaelvota