Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

09 May 2016

Beidh Lá Oscailte CLG Ard Mhacha ar siúl sa Pháirc Lúthchleasa i mbliana Ó 11am Dé Sathairn 14 Bealtaine. D’éirigh go han-mhaith leis an Lá Oscailte le blianta beaga anuas agus beidh deis ann arís eile i mbliana ag lucht tacaíochta Ard Mhacha bualadh le h-imreoirí agus le bainisteoirí Ard Mhacha ó na cóid éagsúla. Beidh mála d’fhéiríní CLG ar fáil do na páistí uilig agus beidh siad ábalta síniú a fháil ó na peileadóirí agus ó na hiománaithe sinsear. Beidh turais threoraithe sa Pháirc Lúthchleasa i nGaeilge agus i mBéarla ó chuid de na peileadóirí sinsear agus beidh deis ag páistí roinnt cluichí agus comórtas CLG a imirt, comórtas cic éirice san áireamh. Beidh ceol ar fáil ó chuid de bhuaiteoirí Scór an chontae. Ba mhaith le CLG Ard Mhacha cuireadh a thabhairt do thacadóirí Ard Mhacha teacht chuig an Pháirc Lúthchleasa ó 11am Dé Sathairn 14 Bealtaine. Ard Mhacha abú.