Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

13 May 2016

Thug réalta CLG Chorcaí Cork Dual GAA Star Eoin Cadogan cuairt ghasta ar CAIRDE TEO ar na mallaibh. Bhí lúcháir ar ghníomhaithe Gaeilge Gearóid Ó Machail agus Máire Ní Phronntaigh nuair a bhuail an laoch peile agus iománaíochta isteach sa siopa Gaeilge, Siopa Cultúr, agus é sa chathair. Imríonn Eoin peil agus iománaíocht lena chlub áitiúil Dúglas agus tá sé ag imirt le foireann shinsear peile Chorcaí ó 2007.

Tá Cadogan ag caitheamh roinnt mhaith ama in Ard Mhacha le cúpla bliain mar gheall ar a ról mar chóitseálaí nirt le foireann shinsear iománaíochta an chontae. Cé go n-imríonn Cadogan le ceann de na contaethe móra CLG tá dáimh láidir aige le foireann iománaíochta Ard Mhacha atá ag tarraingt airde i measc phobal na hiománaíochta in Éirinn.

“Ó thosaigh mé ag obair le hArd Mhacha, tá cion fir déanta acu,” arsa Cadogan. “Tig siad isteach chuig an ghiom cúpla uair sa tseachtain, bíonn siad ag treanáil ar an pháirc agus cuireann siad an-iarracht isteach gan mórán aitheantais a fháil ar scor ar bith. Tá mé iontach sásta dóibh agus an sárobair curtha isteach acu. Tá muid ag iarraidh structúr maith á chur in áit dóibh agus ag iarraidh orthu a gcumas iomlán a bhaint amach. Anuraidh, chaill muid i gcluiche ceannais an Nicky Rackard, ach sheas sé dóibh agus nuair a fheiceann tú ar an obair atá á cur isteach acu tá tairbhí ag teacht as agus rud millteanach mór an t-ardú a fháil go Roinn 2A.

Imríonn Cagogan peil lena chlub áitiúil Dúglas agus tá ag éirí go maith leo. In 2008, chruthaigh Dúglas stair nuair a bhain siad amach craobh cheannaid chraobh shinsear peile Chorcaí den chéad uair i gcoinne Raonaithe Nemo. Faoin bhliain 2007, bhí Cadogan ag imirt le foireann shinsear Chorcaí agus bhain sé Corn Mhic Craith an bhliain sin.

Bhí Cadogan ag imirt le h-iománaithe sinsear Chorcaí in 2007 fosta. D’imigh sé ó phainéal na peile in 2008 le díriú ar an iománaíocht ach i mí Iúil 2009 chuaigh sé ar ais leis na peileadóirí nuair a chaill na h-iománaithe sa chraobh. D’imir sé mar fhear ionaid i gcluiche leathcheannais na hÉireann nuair a fuair Corcaigh an lámh in uachtair ar Thír Eoghain, curaidh na hÉireann sa bhliain roimhe. Bhí deis ag Cadogan a áit a fháil ar fhoireann shinsear Chorcaí in 2009 nuair a d’éirigh Diarmuid Ó Súilleabháin as agus tugadh léine uimhir 3 d’Eoin do chluiche ceathrú cheannais na Mumhan i gcoinne Thiobraid Árann. Thug Cadogan sárthaispeántas sa chéad chluiche sin agus cé gur chaill Corcaigh ar scór 1–19 go 0–19, ainmníodh mar laoch an chluiche é.

Thug Máire Ní Phronntaigh, bainisteoir shiopa Cultúr, thug sí ardmholadh don Chorcaíoch:
“Inspioráid mhór é Eoin do leantóirí CLG agus d’imreoirí de gach aois ar fud na tíre. Fear deas, pleisiúrtha atá ann fosta agus tá sé go hiontach go bhfuil sé ag cuidiú le h-iománaithe Ard Mhacha atá ag imirt thar barr faoi láthair. Bhí sé go deas bualadh leis agus bhí lúcháir orainn gur ghlac sé an t-am le cuairt a thabhairt ar an siopa”.