Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

01 Jun 2016

Beidh iománaithe Ard Mhacha ag dul amach chun páirce i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn beag seo, 4 Meitheamh, le tabhairt faoi Mhaigh Eo ar 3.30pm i gCraobh Cheannais Chorn Nicky Rackard. Bhí bua ag na h-iománaithe ar Dhún na nGall i gcéad chluiche an chomórtais sula ndeachaigh siad isteach sna cluichí cáilithe, i ndiaidh dóibh cailleadh in eadán Mhaigh Eo.  Fuair Ard Mhacha an lámh in uachtair ar Longfort agus ar Fhine Gall ansin le cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach d’fhoirne a imríonn ag an tríú grád san iomáint. Bhí bliain mhaith iománaíochta ag Ard Mhacha cheana féin agus bhí bua stairiúil acu sa tsraith i Roinn 2B, a fhágann go mbeidh siad ag imirt den chéad uair i Roinn 2A ar an bhliain seo chugainn. Le linn na sraithe, bhí bua cuimsitheach ag Ard Mhacha ar Mhaigh Eo féin, chomh maith le roinnt foirne ó Chorn Christy Ring mar An Dún, Cill Mhantáin agus an Mhí a imreos in eadán Aontroma i gcluiche ceannais Christy Ring i ndiaidh chluiche Ard Mhacha. Guíonn CAIRDE Teo gach rath ar imreoirí Ard Mhacha Dé Sathairn, go háirithe ar Ghaeilgeoirí an phainéil, Déaglán Ó Coltair, Síomón Ó Dochartaigh agus Fintan Mac Conchoille a d’fhreastail ar go leor imeachtaí agus ranganna dár gcuid. Ádh mór fosta ar an bhainisteoir Sylvester Mac Conaill, ar an fhoireann bhainistíochta agus tacaíochta, Seán Ó Maoilsté, oifigeach Gaeilge CAIRDE Teo, san áireamh. Más mian leat lá iontach amach don teaghlach ar fad, taraigí amach go Páirc an Chrócaigh an Satharn seo le tacaíocht a thabhairt d’iománaithe Ard Mhacha agus iad sa tóir ar an dara corn náisiúnta i mbliana. Ard Mhacha abú.