Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

13 Jul 2016

D’éirigh go han-mhaith le Campa Mhacha i mbliana agus tá ardmholadh á thabhairt ag tuismitheoirí, páistí agus múinteoirí do lucht eagraithe an aon champa samhraidh lánGhaeilge i gcathair Ard Mhacha. Lonnaithe ag Ionad Eamhain Mhacha, d’fhreastail beagnach 80 páiste ó Ghaelscoileanna an cheantair ar an champa atá anois ar an fhós le deich mbliana.

Is é príomhaidhm Champa Mhacha páistí áitiúla a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil. Bhí dhá fhochampa ann le ceann acu ag freastal ar pháistí idir Rang 1 agus Rang 3 agus an dara ceann ag freastal ar pháistí idir Rang 4 agus Rang 7.

Cé go raibh Eamhain Mhacha mar phríomhbhaile an champa, thug Campa Mhacha deiseanna do na páistí páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla mar thuras ar Iarsmalann Daonchultúir agus Iompair Uladh i gCúl Trá, turas Gaeilge ar Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath le comóradh a dhéanamh ar 1916, turais ar chapall agus carr, turas lae chuig Páirc agus Feirm na Tamhnaí Móire, Scoil na Laochra ag Eamhain Mhacha féin agus lá spraoi ag Hugglebugs. Agus ar bharr sin ghlac na páistí páirt in iomáint agus camógaíocht le Rónán Mac Liam, ceirdeanna Ceilteacha, siúlóidí dúlra, toraíocht taisce agus neart imeachtaí eile. Cuireadh na ceardlanna, imeachtaí agus turais ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Ar lá deireanach an champa, d’oibrigh na páistí i gcomhar le múinteoirí agus le ceoltóirí le ceolchoirm a chur i láthair do thuismitheoirí agus clabhsúr a chur le Campa Mhacha 2016. Tháinig tuismitheoirí agus teaghlaigh na bpáistí chuig an amharclann ag Eamhain Mhacha do cheolchoirm den scoth. Cheoil na páistí amhrán speisialta Gaeilge a scríobh múinteoir an champa, Mícheál Ó hAodha, faoin chraic a bhaineann le Campa Mhacha.

Le blianta beaga anuas, is é CAIRDE Teo a reáchtálann Campa Mhacha, a bhfuil foireann ghairmiúil múinteoirí, oibrithe óige agus oibrithe forbartha pobail ag obair ann a bhfuil blianta de thaithí acu ag eagrú tograí spraíúla do pháistí agus do dhaoine óga.

Faigheann Campa Mhacha páirtmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ó Sheirbhís Óige an Údaráis Oideachais.  Ba mhaith le CAIRDE Teo buíochas a ghabháil le muinteoirí agus cúntóirí an champa, le Máire, le Hugglebugs, le Johnny Fee agus a chairde, leis an fhoireann ag Iarsmalann Daonchultúir agus Iompair Uladh, le Méabh, Pádraig agus foireann Ardoifig an Phoist. Gabhann CAIRDE Teo buíochas fosta d’Ionad Eamhain Mhacha, go háirithe Damian, Rosaleen, Ciarán agus Fearghus an Laoch Ceilteach, agus le Jerome McCarthy agus Neil ó Jerome’s Coach Hire. Gabhann muid buíochas ar leith leis an cheoltóir áitiúil Eoin Ó Ceallaigh a thug cuairt ar an champa le duaiseanna a bhronnadh agus le páirt a ghlacadh sa cheolchoirm.

Ar deireadh, ba mhaith le CAIRDE buíochas speisialta a ghabháil leis na páistí uilig a ghlac páirt sa champa agus a chur go mór leis. Maith sibh a pháistí agus bainaigí úsáid as an Ghaeilge ar feadh an tsamhraidh uilig.