Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

22 Jul 2016

Beidh CAIRDE Teo ag eagrú picnice teaghlaigh ag Ionad Eamhain Mhacha ar 1.30pm Dé Sathairn 30 Iúil. Tá an picnic dírithe ar pháistí ó Ghaelscoileanna áitiúla agus a dteaghlaigh leis na páistí agus na daoine óga a spreagadh an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga agus le deis a thabhairt do thuismitheoirí teacht le chéile agus smaointí a roinnt ar thógáil páistí i dtimpilleacht dhátheangach.

Iarrtar ar theaghlaigh a bpicnic féin a thabhairt leo agus bheith páirteach sa spraoi ag ionad Eamhain Mhacha. Beidh an picnic ag tarlú agus Stevey McGeown ag cur deireadh lena dhúshlán carthanais le 60 ollmharatón a rith taobh istigh de 60 lá. Tá páistí ag Stevey i mBunscoil na mBráithre Críostaí – Ben, Harry agus Katie, agus tá sé i ndiaidh cúpla mí a chaitheamh ar na bóithre agus é ag rith thart timpeall na tíre le h-airgead a bhailiú d’Fhondúireacht Keith Duffy a ardaíonn feasacht ar an uathachas. Is féidir le teaghlaigh fáilte a chur roimh Stevey agus é ag rith a fhad le hEamhain Mhacha, sula gcríochnóidh sé an t-ollmharatón deireanach ag an Fhaiche Mhór in Ard Mhacha. Cuirfear fáilte mhór roimh thabhartais don chúis luachmhar seo ar an lá.

Más tuismitheoir thú a bhfuil páistí agat i nGaelscoileanna áitiúla nó más mian leat freastal ar an phicnic, is féidir teagmháil a dhéanamh le Seán sa siopa Gaeilge Cult Úr, atá lonnaithe in ionad siopadóireachta an Eurospar nó ar sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229. Eagraíonn Cairde Teo imeachtaí éagsúla teaghlaigh le tacú le páistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna sa cheantar. Má tá suim agat do chlann a thógáil trí Ghaeilge nó an teanga a fhoghlaim tú féin, buail isteach ar oifig Cairde Teo le comhairle agus le h-eolas a fháil ar na buntáistí uilig is féidir a fháil ó thógáil dhátheangach agus ó oideachas dátheangach.