Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

26 Aug 2016

culture night logo irish on white awTá Gaeil Ard Mhacha ag súil go mór le h-oíche mhór cheiliúrtha Dé hAoine 16 Meán Fómhair, nuair a bheas Cairde Teo ag reáchtáil roinnt imeachtaí saor in aisce mar chuid den Oíche Chultúir. Ar bhuaicphoint an chláir, beidh ceolchoirm leis an cheoltóir iomráiteach Gaeltachta, Emma Ní Fhíoruisce, ar 7.30pm sa tSeanSheomra Bia ag Óstán an Charlemont. As Gaeltacht Ghaoth Dobhair i nDún na nGall d’Emma agus tá sí páirteach sa ghrúpa An Crann Óg ó bhí sí beag óg, mar dhalta agus anois mar mhúinteoir. Mar cheoltóir aonair, bíonn Emma ag ceol roinnt mhaith de na h-amhráin thraidisiúnta óna ceantar, cuid de na h-amhráin atá cumtha aici féin agus aistriúcháin de mhóramhráin an Bhéarla. Tá guth binn ag Emma a tharraing aird ar a chuid ceoil ar fud na tíre agus tá sí i ndiaidh pilleadh ó thuras ceoil ar Nua Eabhrac a rinne sí leis An Crann Óg.

logo an oireachtaisChomh maith leis sin ar chlár na Gaeilge, beidh seisiún scéalaíochta do pháistí óga ag Leabharlann Ard Mhacha idir 3.15pm agus 3.45pm. Beidh na scéalta ag fóirstean do pháistí Gaelscoile idir Rang 1 agus Rang 3. Tá Cairde ag eagrú ceardlann feasachta Gaeilge fosta i gcomhar le Gael Linn, ag díriú ar logainmneacha agus sloinnte Ard Mhacha agus ar thionchar na Gaeilge ar Bhéarla na hÉireann. Beidh an cheardlann ar siúl sa seanSheomra Bia in Óstán an Charlemont agus beidh ceol traidisiúnta le páistí áitiúla ar siúl ina dhiaidh sula dtiocfaidh Emma ar an ardán ar 7.30pm. Tá clár na Gaeilge páirtmhaoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus tá Cairde Teo an-bhuíoch dóibh as an chúnamh sin. Le go leor imeachtaí ar siúl ar fud na cathrach ar an Oíche Chultúir, bígí cinnte an dáta a bhreacadh síos sa dialann le bheith páirteach i gceiliúradh an chultúir dhúchasaigh Ghaelaigh in Ard Mhacha.