
Tá CAIRDE Teo cleachtaithe anois le searmanais bhronnta agus roinnt duaiseanna náisiúnta agus réigiúnda buaite acu le blianta beaga anuas as an Ghaeilge a chur chun cinn. Níorbh aon iontas é do phobal na Gaeilge in Ard Mhacha mar sin go bhfuair siad scéala gur ainmníodh an grúpa don National Realex Web Awards 2016 i ndá chatagóir: ‘An Suíomh Ealaíne agus Cultúir is Fearr’; agus ‘An Suíomh Gaeilge is Fearr’.
Tá Cairde Teo i ndiaidh an suíomh nua a thógáil le freastal ar an éileamh níos mó ar sheirbhísí an ghrúpa. D’oibrigh an grúpa go dlúth le Website NI, cuideachta suímh idirlín lonnaithe ar an Bhinn Bhorb i gContae Thír Eoghain, thar thréimhse cúpla mí le teacht ar shuíomh a bhí ag fóirstean don eagraíocht. Fuarthas páirtmhaoiniu ó ‘Scéim Tacaíochta Gnó’ de chuid Fhoras na Gaeilge. Tugann an suíomh láithreacht shuntasach ar líne a thugann ardán domhanda don eagraíocht lena gcuid seirbhísí a chur in iúl don phobal. Tá feildhmeanna ilmheáin ar an suíomh nua dátheangach le naisc chuig raidió agus chuig físéain.
Beidh an bronnadh ar siúl i gCeoláras an RDS i mBaile Átha Cliath ar 28 Meán Fómhair agus bíonn ainmnithe ann ó achan chuid den tír. Bhí breis agus 700 ainmniúchán ann anuraidh agus i measc na n-eagraíochtaí a bhain duaiseanna, bhí 98FM.com don Suíomh Meáin is Fearr, Tayto Park don Suíomh Siamsaíochta is Fearr, Silicon Republic don Suíomh Eolaíochta agus Teicneolaíochta is Fearr agus waterfordwhispersnews.com don Fhoilseachán is Fearr Ar Líne.
Tá iomaíocht ghéar ann arís eile in 2016, agus tá cuid de na h-eagraíochtaí is mó san earnáil tráchtála agus ealaíne ann. Beidh CAIRDE ag dul san iomaíocht le leithéidí aikenpromotions.com, warnermusic.ie, corkcityballet.com, thedivinecomedy.com agus wexfordopera.com! Táthar ag dúil le breis agus 500 duine bheith i láthair ag an searmanas féin, a bheas á óstáil ag an láithreoir Rick O’Shea ó RTÉ 2FM.
Bhí lúcháir ar Ghearóid Ó Machail, Oifigeach Forbartha CAIRDE Teo, faoin ainmniúchán:
“Onóir mhór í ainmniúchán a fháil do ghradam náisiúnta agus cruthúnas ar dhianobair fhoireann CAIRDE Teo a bhíonn ag obair ó cheann ceann na bliana le seirbhísí a sholáthar don phobal in Ard Mhacha agus sa cheantar máguaird. Caithfidh mé ardmholadh a ghabháil le foireann Website NI. Eagraíocht ghairmiúil í Website NI a bhfuil 13 dearthóir agus forbróir aici le breis agus 40 bliain de thaithí san earnáil. D’oibrigh muid i gcomhar leis an fhoireann deartha lena chinntiú go raibh cuma mhaith ar ár suíomh agus go raibh sé ag teacht lenár gcuspóirí straitéiseacha. Bhí Safron (Comairleoir Cliaint), Gareth (Forbróir Idirlín) adus Paul (Dearthóir Idirlín) iontach dearfach faoinár gcuid smaointí agus tháinig siad ar réitigh chruthaitheacha achan uair a chuir muid ábhar ar fáil dóibh. Tá seirbhísí tacaíochta den chéad scoth acu agus bhí siad iontach fláithiúil agus foighdeach agus an suíomh á thógáil.
“Tá géariomaíocht roimh CAIRDE Teo sna catagóirí inar ainmníodh muid ó mhóreagraíochtaí a bhfuil buiséid mhóra acu. Mar sin féin, tá mé iontach sásta go bhfuil aitheantas á thabhairt don fhoireann deartha ar chomhardán náisiúnta lena gcomhghleacaithe ar fud na hÉireann. Chomh maith le foireann dheartha an tsuímh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Foras na Gaeilge as an tacaíocht fhial agus gabhaim buíochas ar leith le mo chomhghleacaithe Seán Ó Maoilsté, Máire Ní Phronntaigh agus Caoimhe Ní Loingsigh as a n-ionchur luachmhar”.
Dúirt Safron Thomas, Comhairleoir Cliaint le Website NI:
“I ndiaidh dúinn labhairt le CAIRDE Teo ag an tús, ba léir go raibh siad ag iarraidh orainn díriú ar chuma an tsuímh a fheabhsú agus a athdhearadh le é a thabhairt chun dáta agus a bheith níos fusa le húsáid agus le feidhm sruthaithe raidió a chuimsiú ann. Le neart físeáin ó staisiúin nuachta teilifíe, bhí an grúpa ábalta feidhm ‘CAIRDE TV’ a chur ar an suíomh idirlín fosta.
“Ba iad na príomhspriocanna againne agus muid ag forbairt suíomh CAIRDE ná: (i) le h-eolas a thabhairt don phobal faoin Ghaeilge; (ii) le h-eolas chun dáta a thabhairt d’eagraíochtaí ábhartha ar obair CAIRDE Teo ar bhealach dearfach; (iii) le h-ardán a thabhairt do thionscadail agus do sheirbhísí na heagraíochta; (iv) le bolscaireacht a thabhairt don siopa ‘Cult Úr’; agus (v) leis an staisiún nua raidió, Ráidió Mhacha, a chur chun cinn. Tá súil againn gur éirigh linn freastal ar riachtanais ár gcliaint agus guíonn muid gach rath ar CAIRDE Teo ar an oíche bhronnta”.