Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

15 Sep 2016

Tá an grúpa cnocadóireachta Siúil atá lonnaithe in Ard Mhacha réidh le tús a chur arís lena gclár míosúil siúlóidí Dé Sathairn 1 Deireadh Fómhair. Beidh an grúpa ag tabhairt cuairte ar Bhinn Chuilceach, an pointe is airde i gcontae Fhear Manach agus i gcontae an Chabháin agus an 125ú sliabh is airde in Éirinn. Tá Binn Chuilceach suite in aice le hUaimheanna agus Geopáirc an Áirse Marmair agus tá iomrá air ó leagadh cosán nua adhmaid ar an tsliabh le cosaint a thabhairt don bhratphortach.

Tá an sliabh ar cheann de na suíomhanna poraithe is tábhachtaí don Fheadóg Bhuí agus áit chothaithe ag gé bhánchosach na Graonlainne, ainmhí atá faoi chosaint idirnáisiúnta. Tá flúirse plandaí ar an bhratphortach fliuch mar sfagnam, caonach, fraoch agus drúchtín (a itheann feithéidí). Tá plandaí níos teirce mar chamshaileog agus mórán réaltach le fáil ar an fhána géar ó thuaidh agus fá na bollánmhánna thíos faoi. Bíonn an riabhóg, an fhuiseog agus an cromán na gcearc sa cheantar seo, chomh maith leis an fheadóg bhuí. Feictear sionnaigh agus giorraíocha sléibhe ann agus tá taifead ar an ghealóg sneachta sa phortach le linn an gheimhridh.

Tá an taithí ag an treoraí, Éamonn Ó Flanagáin, de bheith ag siúl sna cnoic agus sna sléibhte. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ar 11.30am ag an charrchlós ar Bhóthar Marlbank i Log na Brocaí, Contae Fhear Manach. Tá roinnt siúlóidí déanta ag an ghrúpa cheana féin i mbliana ar Shliabh Feá, i gCill Bhrónaí agus ar Shliabh Dhónairt. Más mian leat páirt a ghlacadh sa tsiúlóid ar Chulceach ar an 1 Deireadh Fómhair nó más mian leat breis eolais ar an ghrúpa cnocadóireachta, déan teagmháil le Cairde Teo ar sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229.