Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

15 Sep 2016

Bhí lúcháir ar Gael Linn agus ar CAIRDE Teo bheith i measc na n-aíonna ag searmanas speisialta bronnta ag Coláiste Phádraig ar na mallaibh, nuair a bhronn Niall Comer, Uachtarán Comhaltas Uladh, Sciath Mhic Giolla Bhríde ar dhaltaí an choláiste. Bronntar an sciath gach bliain le h-aitheantas a thabhairt ar ardchaighdeán líofacht na Gaeilge i meánscoileanna sna Sé Chontae in oirthuaisceart na hÉireann.

Ag labhairt dó ag an ócáid, rinne Réamonn Ó Ciaráin, Bainisteoir Réigiúnda Gael Linn, comhghairdeas le Roinn na Gaeilge sa scoil as an sciath ardghradaim a bhaint. Bhí príomhoide úr na scoile, An tUasal Mac Cléirigh, i láthair ag an ócáid chomh maith le múinteoirí agus le daltaí ó phocal Gaeilge na scoile, agus ionadaithe ó Comhaltas Uladh Chonradh na Gaeilge, CAIRDE Teo agus Gael Linn.

Ghabh an tUasal Marcas Ó hAirt, Ceann na Gaeilge, comhghairdeas lena chuid daltaí ar an obair chrua a rinne siad leis an éacht a bhaint amach. D’iarr sé ar na gasúir tiomantas a thabhairt arís eile leis an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn leis an sciath a bhaint don dara bliain i ndiaidh a chéile.

Thug Neil Comer an phríomhóráid agus thréaslaigh sé le Roinn Gaeilge na scoile agus thug sé aitheantas d’obair an Uasail Ó hAirt agus na múinteoirí eile le h-eiteas Gaeilge a chothú agus a spreagadh sa scoil agus sa phobal. Bhronn an tUasal Comer an sciath ar son Comhaltas Uladh agus ghuigh sé rath leanúnach ar an fhoireann agus ar na daltaí agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.

Agus é ag tréaslú leis na múinteoirí agus na daltaí, leag Réamonn Ó Ciaráin béim ar an obair atá ar siúl sa phobal leis an Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn mar theanga bheo i gcathair Ard Mhacha. Labhair sé faoi na deiseanna fostaíochta agus treanála a bheadh ar fáil do Ghaeilgeoirí nuair a bheas an chultúrlann nua, Aonach Mhacha, ar oscailt sa Seamlas sa bhliain 2018.