
Tá áthas ar Phobal ar a’n Iúl agus ar Ghlór an Tearmainn a fhógairt go mbeidh siad ag tabhairt tacaíochta arís d’Fhéile Pheadar Joe Haughey a bheas ar siúl in Ionad Cuairteoirí An Creagán. Beidh Féile Pheadair Joe ar siúl idir 16 – 23 Deireadh Fómhair 2016 agus tá clár fairsing imeachtaí beartaithe le linn na féile.
Bhí Peadar Joe Haughey ar dhuine de na Gaeilgeoirí deireanacha i gcontae Thír Eoghain, agus le blianta fada, bhí a gharmhac, Proinsias Ó Cléirigh, ag treabadh leis ag eagrú Scoil Samhraidh Pheadair Joe, deireadh seachtaine ag ceiliúradh saol agus oidhreacht Pheadar Joe trí imeachtaí ceoil agus cultúir. Anuaraidh, tháinig Pobal ar a’n Iúl, craobh Chonradh na Gaeilge ar an Ómaigh, ar bord le himeachtaí breise a chur ar fáil le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. D’éirigh go hiontach leis na himeachtaí breise seo agus beidh an chraobh páirteach san fhéile arís i mbliana, chomh maith le Glór an Tearmainn, grúpa Gaeilge ar an Charraig Mhór, An Creagán agus Loch Mhic Ruairí.
Mar chuid den fhéile i mbliana, beidh dianchúrsa lae d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, cúrsa cruinnis agus léacht ar Alice Milligan, Modhach, scríbhneoir, file agus náisiúnach. Tabharfaidh an fhéile deis do gach duine spraoi a bheith acu leis an Ghaeilge, leis an cheol agus leis an chultúr idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon. I measc bhuaicphointí na féile, beidh turas bus thart ar na ceantair is mó speise ó thaobh na teanga de sa cheantar.
Ar ndóigh, beidh na himeachtaí ón Scoil Samhraidh ag leanúint ar aghaidh chomh maith, ina measc Siúlóid Sléibhe agus Oíche Amhránaíochta Gaeltachta leis na ceoltóirí mór le rá Lillis Ó Laoire agus Jimmy Ó Ceannabháin chomh maith le seisiún oscailte oíche Shathairn a mheallann ceoltóirí ó i gcéin is i gcóngar.
Dar le Sinéad Ní Mhearnóg, Cathaoirleach na Craoibhe, “Tá sceitimíní ar Phobal ar a’n Iúl nascadh arís le Scoil Samhraidh Pheadair Joe Haughey i mbliana agus le clár leathan imeachtaí breise a chur ar fáil le linn Fhéile Pheadair Joe Haughey. Tá súil againn go mbainfidh an pobal ar fad, idir óg agus aosta, sult agus sásamh as an fhéile.”
Dúirt Proinsias Ó Cléirigh, bunaitheoir Scoil Samhraidh Peadair Joe Haughey, “Ba saothar grá é an tionscadal seo ina chuirimid spás agus am ar leataobh gach bliain le naisc a thógáil. Tá ardcháil ar an fhéile i measc daoine chomh héagsúla le Liam Ó Cuinneagáin, Stiúrthóir Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, agus an Rev Dr Eric Culberton nach maireann, iarbhiocaire cléiriúil Ardeaglais na hÉireann, Ard Mhacha. Tá lúchair orm leis an struchtúr nua, agus go bhfuil tacaíocht agus spás sa bhreis anois ag an fhéile. Is cinnte go dtiocfaidh rath agus bláth uirthi sna blianta amach romhainn.”
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na himeachtaí, ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Ionad Cuairteoirí An Creagán nó le Pobal ar a’n Iúl.