Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

27 Sep 2016

Bhí scaifte maith i láthair ar na mallaibh do cheolchoirm speisialta Gaeilge a rinne Emma Ní Fhíoruisce in Óstán an Charlemont in Ard Mhacha. Ceoltóir óg cumasach í Emma as Gaeltacht Dhún na nGall atá ag tarraingt airde uirthi féin le cúpla bliain anuas as binneas a cuid ceoil. Chomh maith lena bheith ag ceol léi féin agus le cairde, is múinteoir í Emma leis an scoil cheoil thraidisiúnta An Crann Óg atá lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Cheoil Emma mar chuid den Oíche Chultúir a bhuí le cuireadh ó CAIRDE Teo agus tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge. Cheoil sí meascán d’amhráin thraidisiúnta óna ceantar dúchais agus aistriúcháin ar amhráin Béarla mór le rá. Bhailigh breis agus 70 duine ó phobal Gaeilge Ard Mhacha ag an óstán le sult a bhaint as an cheolchoirm.

Eagraíodh roinnt imeachtaí Gaeilge eile in Ard Mhacha mar chuid de cheiliúradh na hOíche Chultúir. Labhair Réamonn Ó Ciaráin, bainisteoir réigiúnach Gael Linn, faoi thionchar na Gaeilge ar an Bhéarla a labhraítear in Ard Mhacha agus chuir a raibh i láthair spéis sna focail éagsúla atá againn i mBéarla na hÉireann a raibh bunús Gaelach leo. Bhí imeacht speisialta ar siúl níos luaithe ar an lá céanna chomh maith do pháistí óga a bhfuil Gaeilge acu. D’eagraigh CAIRDE Teo seisiún scéalaíochta do pháistí i gcomhar le Leabharlann Ard Mhacha agus bhí grúpa páistí ó Bhunscoil na mBráithre Críostaí.